YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 11

11
Caibidil XI
Ata fuiġoill do ṫoraḋ Israel ar na dtoġa; 16 aċd iompoċṫar fos lanṫoraḋ ḋíoḃ.
1Uime sin fíafruiġim, Nar ṫeilg Día a ṗobal féin úaḋa? Nár léige Día sin. Oír is Israélaċ misi féin, do ṡlioċd Abraham, do ṫreiḃ Ḃeniamin. 2Níor ṫeilg Día uáiḋ a ṗobál fein do aiṫin sé ó ṫús. A né náċ ḃfuil a ḟios aguiḃ créd a deir an scrioptúr a dtimċeall Elías? Cionnas do ní sé casáoid ré Día a naġaiḋ Israél, ag ráḋ, 3A Tiġearna, do ṁarḃadar ṫfaiḋe, agus do leagadar síos haltóraċa; agus do fáfḃaḋ misi am áonar, agus atáid síad ag íarruiḋ manma. 4Aċd créd é an ḟreagra do ḃeir Día air? Do ċoiṁéd mé ḋaṁ féin seaċd mile fear, nár ḟill a nglúine do Ḃaal. 5Ar a naḋḃarsin ís mar sin do fágḃaḋ fáoilleaċ ann sa naimsirsi do réir ṫoġṫa na ngrás. 6Agus más tré ġrás, ní ó oibriġṫiḃ atá sé feasda: nó ní grás an grás uáiḋ sin amaċ. Aċd más ó oibriġṫiḃ, ní grás é as sin súas: nó ní hobair a nobair feasda. 7Créd eile máseaḋ? an ní íarrus Israél ní ḟuáir sé é; aċd fúaradar na dáoine toġṫa é, agus do dallaḋ an ċuid eile. 8Mar atá sgríoḃṫa, Tug Día spiorad ċollataċ ḋóiḃ, súile ċum naċ ḃfaicfedis, agus clúasa ċum naċ ccluinfedís; gus a niuġ.
9Agus a deir Dáiḃi, Bíoḋ a mbórd mar ḋúl, agus mar ġléus gaḃála, agus mar aḋḃair oilḃéime, agus mar ṁalairt dóiḃ: 10Bíoḋ a súile dall, ċum naċ ḃfaicfiḋ síad, agus cromsa a ndromanna a gcoṁnuiḋe.
11Uime sin fíafraiġim, An ḃfúaradar tuisleaġ ċum go dtuitfedís? nar léigiḋ Día sin: aċd sé a dtuitimsion slánuġaḋ na Ccineaḋaċ, ċum tnúṫa do ċur orrṫasan. 12Agus más é a dtuitimsion saiḋḃreas an doṁain, agus a laġduġaḋ saiḋḃreas na Gcineaḋaċ; a né naċ mó ná sin a líonṁuireaċd?
13Oír is riḃsina Cineaḋuiḃ laḃruim, do ḃríġ gur me easbal na Gcineaḋaċ, onóruiġim moifig féin: 14Dá ḟéuċuin an ḃféudfuinn ar ċor ar biṫ tnúṫ do ċur ar mo ċoṁġáol féin, agus cuid éigin díoḃ do ṡlanuġaḋ. 15Oír más é ndíultaḋsan is réiteaċ don doṁan, créd é a naṫġaḃáil, aċd beaṫa ó ṁarḃuiḃ? 16Oír má atáid na céadṫórrṫa náomṫa, atá an ċuid eile náoṁṫa mar an gcéudna: agus má atá an ḟréaṁ náoṁṫa, atáid na géuga leis.
17Aċd má atá cuid éigin do na géuguiḃ ar na ngearraḋ ḋe, agus gur cuireaḋ ṫusa na nionad, agus gur roinneaḋ fréaṁ agus súġ ċroinn na hola fíre riot, ar mbeiṫ ḋuit, ad ċrann ola ḟíaḋáin; 18Ná bíoḋ uáill ort a naġuiḋ na ngég. Aċd ma ḃíonn uáill ort, ní tusa iomċras an ḟréaṁ, aċd an ḟréaṁ ṫusa.
19Uime sin a déara tú, Do gearraḋ na géuga ḋe, ċum go bplainntéoċṫáoi misi ná náit.
20Is maiṫ sin; is tré ṁíċreideaṁ do gearraḋ íad, agus seasuiġ tusa tré ċreideaṁ. Ná bí áirdinntinneaċ, aċd bioḋ eagla ort. 21Oir ma nar ċoigill Día na géuga nadúrṫa, dob éidir naċ ccoigéolaḋ sé ṫusa mar an gcéadna. 22Ar a naḋḃarsin taḃair dod aire toirḃeartas agus buirbe Dé: a ḃuirbe, do ṫáoḃ na muinntire do ṫuit; aċd a ṫoirḃeartas, duitsi, dá ḃfana tú ann a ṫoirḃeartus: nó gearrfuiḋear ṫusa mar an gcéudna. 23Agus plainndéoċṫar íad súd a rís, aċd muna ḃfanuid síad a míċreideaṁ: óir is éidir lé Día a gcur a steaċ a rís. 24Oír má gearraḋ ṫusa don ċrann ola do ḃí fiaḋáin ó naduir, agus gur cuireaḋ ṫusa a naġuiḋ nádúra a gcrann na fíorola: a né naċ mó na sin, ċuirfiḋṫear na géugasa atá nadúrṫa, ann a gcrann ola féin?
25Oír ní háill leam, a ḃráiṫreaċa, ainḃfios na seicréidesi do ḃeiṫ oruiḃ, (do ċum naċ bíaḋ siḃ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin;) go dtárrla daille air ċuid Díosráel, nó go dtí iomláine na Gcineaḋaċ a steaċ. 26Agus mar sin sláineoċṫar Isráel uile: mar atá sgrioḃṫa, Tiocfa an Fear sáorṫa as Síon, agus fillfiḋ sé neaṁḋíaḋaċd ó Iácob: 27Agus a sé so mo ċunnraḋ ríu, an tan ṫoigéuḃas mé a bpeacuiġ úaṫa.
28Uime sin do ṫáoḃ an tsoisgéil, atáid síad na náiṁdiḃ ar ḃur sonsa: aċd do ṫáoḃ na toġṫa, atáid síad gráḋaiġe ar son na naiṫreaċ. 29Oír atáid tioḋlaice agus gairm Dé gan aiṫreaċus. 30Oír do réir mar naċ ttugaḃairse a nallód úṁlaċd do Ḋía, agus fúaraḃair trócaire a noís tré na neasúṁlaċdsan: 31As mar an gcéudna a nois níor ċreideadarsan, da ḃur dtrócairesi ionnus go ḃfuiġedís féin trócaire mar an gcéudna. 32Oír do ḋúin Día íad uile a neaṁċreideaṁ, do ċum trócaire do ḋéunaṁ orrṫa uile. 33O créd e doíṁne ṡaiḋḃris éagna agus éolais Dé! Créd é deacraċd a ḃreiṫeaṁnuis do ċúartuġaḋ, agus lorg a ṡliġeaḋ do leanṁuin!
34Oír cía agá raiḃ fios inntinne an Tiġearna? nó cía ba coṁairleaċ ḋó? 35Nó cía ṫug ḋó ní ar tús, agus do ġéuḃaiḋ sé a ċúitiuġaḋ leis? 36Oír is úaḋasan, agus ṫrídsion, agus ar a ṡonsan atáid na huile neiṫe: glóir ḋó féin go síorruiḋe. Amén.

Currently Selected:

Roṁánaċ 11: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in