YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 13

13
Caibidil XIII
Uṁlaċd, íonṫaḃarta dúaċdáranaiḃ cneasta, 4 ag caiṫreaṁ ar ceirte, 8 agus gráḋ do gaċ aónduine.
1Bioḋ gaċ uile anum úṁal do na cúṁaċdaiḃ atá ós a ċionn. Oír ní ḃfuil cúṁaċda ar biṫ aċd ó Ḋía: agus na cúṁaċda atá ann as ó Ḋía do hórduiġeaḋ íad. 2Ar a naḋḃarsin giḋ bé ar biṫ ċuireas a naġaiḋ an ċúṁaċda, cuiriḋ sé a naḋaiġ órdaiġe Dé: agus an dream ċuireas iona aḋaiġ gaḃaid damnuġaḋ ċuca féin. 3Oír ní ḃí eagla roiṁ úaċdaránaiḃ ar son ḋeiġġnioṁarṫaḋ, aċd ar son ḋroiċ ġnioṁarṫaḋ. Uime sin an mían riot ḃeiṫ gan eagla an ċúṁaċda ort; déuna maiṫ, agus do ġéuḃa tú molaḋ uáḋ: 4Oír a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é ċum do ṁaiṫeasasa. Aċd dá ndéarnaiḋ tú olc, bíoḋ eagla órt; óir ní go dioṁáoineaċ iomċras sé an cloiḋeaṁ: óir a sé searḃḟoġantuiḋe Dé é, na ḋioġaltóir feirge ar an tí do ní olc. 5Uime sin as éigean ḃeiṫ úṁal, ní deagla feirge aṁáin, aċd fós ar son coinnsiáis. 6Oír is uime so íocas siḃ cánaċus: do ḃríġ gur searḃḟoġantuiġeaḋa do Ḋía íad, ag déunaṁ a ndiṫċill sa ní ċéudna. 7Ar a naḋḃarsin taḃruiḋ a nduálġus do na huile ḋáoiniḃ: cánaċus don tí dar dúal cánaċus; cusdum dom tí dar dúal cusdum; eagla ré san tí ré ar coir eagla; onóir don tí dar cóir onóir. 8Ná bíoḋ fíaċa ag áoin neaċ oraiḃ, aċd aṁáin siḃ féin do ġráḋuġaḋ a ċeile. (Oír an tí ġráḋaiġeas a ċóṁarsa do ċoiṁlíon se an dliġeaḋ.) 9Oír na naiṫeantasa, Na déuna aḋaltrannus, Na déuna dúnṁarḃaḋ, Na déuna goid, Na déuna fíaḋnuisi ḃréige, Na déuna saint; agus gaċ aiṫne eile ḋa ḃfuil ann, atáid go haiṫġearr fá ḃriġ an ráiḋ so, eaḋon, Gráḋaiġ do ċoṁarsa mar ṫú féin. 10Ní ḋéanann gráḋ olc don ċoṁarsain: ar a naḋḃarsin a sé an gráḋ coiṁlionaḋ an dliġe.
11Agus sin, ré meas na haimsire, gur miṫiḋ ḋúinn a nois músglaḋ ó ċodlaḋ: óir is goire ḋúinn a nois ar slanuġaḋ na a nuáir do ċreideamar. 12Do ċuáiḋ a noiḋċe ṫorainn, agus do ḋruid an lá rinn: uime sin teilgeam uáinn oibreaċa an dorċaduis, agus cuireann umainn éideaḋ an tsolais. 13Síuḃlam go cuḃaiḋ aṁáil sa ló; ní a gcráos ná a meisge, ná a seómradóireaċd ná a macnus, ná a gceannarraic ná a dtnúṫ. 14Aċd cuiriḋ umuiḃ an Tiġearna Iósa Críosd, agus ná bíoḋ cúram na colla oraíḃ, a míangusuiḃ.

Currently Selected:

Roṁánaċ 13: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in