1
Roṁánaċ 12:2
An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
BedellG
Agus na cumaiḋ siḃ féin ris an tsáoġalsa: aċd cuiriḋ siḃ féin a naṫarraċ croṫa ré haṫnúaḋuġaḋ ḃur ninntinne, ionnus go mbíaḋ a ḋearḃ aguiḃ créud í toil ṁaiṫ, ġeanaṁuil, ḋiongṁála Dé.
Compare
Explore Roṁánaċ 12:2
2
Roṁánaċ 12:1
Ar a naḋḃarsin sirim daṫċuinge oraiḃ, a ḋearḃraiṫreaċa, tré trócaire Dé, ḃur gcuirp do ṫaḃairt na ḃéo-ioḋbairt, náoṁṫa, geanaṁail do Ḋía, ḃur seirḃís réusúnta.
Explore Roṁánaċ 12:1
3
Roṁánaċ 12:12
Ag déunaṁ gáirdeaċais tré ḋóṫċas; foiġideaċ a mbuáiḋearṫuiḃ; cóṁnuiġeaċ a núrnaiġe
Explore Roṁánaċ 12:12
4
Roṁánaċ 12:21
Na beireaḋ an tolc buáiḋ ort, aċd beirse buáiḋ ar a nolc ré maiṫ.
Explore Roṁánaċ 12:21
5
Roṁánaċ 12:10
Bíoḋ toil aguiḃ ḋá ċéile maillé ré gráḋ bráiṫreaṁuil; ag taḃairt onóra uáiḃ gaċ áon ag dul roiṁe a ċéile
Explore Roṁánaċ 12:10
6
Roṁánaċ 12:9
Bíoḋ ḃur ngráḋ gan ċeilg. Bíoḋ gráin agaiḃ ar a nolc; agus ceangluiġ don ṁaiṫ.
Explore Roṁánaċ 12:9
7
Roṁánaċ 12:18
Mas féidir é, an ṁéid ṫig ḋíḃsé ḋe, bíoḋ síoṫċáin agaiḃ ris na huile ḋaóiniḃ
Explore Roṁánaċ 12:18
8
Roṁánaċ 12:19
A ċairde gráḋaċa, ná déunaiḋ dioġaltus ar ḃur son féin, aċd fanaiḋ ris an ḃfeirg: óir atá sgríoḃṫa, Is leamsa an dioġaltus; do ḃéura mé cúitiuġaḋ uáim, a deir an Tiġearna.
Explore Roṁánaċ 12:19
9
Roṁánaċ 12:11
Ná bíġiḋ leisgeaṁuil a ngnoṫuiġiḃ; Bíġiḋ ar fiuċaḋ ann ḃur spioraid; ag déanaṁ seirḃísi don Tiġearna
Explore Roṁánaċ 12:11
10
Roṁánaċ 12:3
Oír a deirim, ré gaċ áon eadruiḃse, trés an ngrás do tugaḋ ḋaṁ, gan ġaḃáil ré a ais ní do ṫuigsin ós cionn a neiṫe is iomċuḃaiḋ ḋó do ṫuigsin; aċd a ṫuigsi do ḃeiṫ réir ṁeasarrḋaċda, aṁail as do roinn Día ré gaċ áoinneaċ miosúr creidiṁ.
Explore Roṁánaċ 12:3
11
Roṁánaċ 12:17
Na déanaiḋ olc a naġaiḋ uilc ar éainneaċ. Bíoḋ cúram na neiṫeann maiṫ oraiḃ a ḃfíaḋnuise na nuile ḋáoine.
Explore Roṁánaċ 12:17
12
Roṁánaċ 12:16
Go maḋ háontoil ḋíḃ ré ċéile. Ná bígiḋ áirdinntinneaċ, aċd cumaiḋ siḃ féin ris a ndreim is ísle. Nó biġiḋ glic ann ḃur mbaraṁluiḃ féin.
Explore Roṁánaċ 12:16
13
Roṁánaċ 12:20
Uime sin dá raiḃ ocarus ar do náṁuid, taḃair bíaḋ ḋó; dá raiḃ tart air, taḃair deoċ ḋó: óir tré so do ḋéunaṁ ḋuit carnfuiḋ tú gríosaċ ar a ċeann.
Explore Roṁánaċ 12:20
14
Roṁánaċ 12:14-15
Taḃruiḋ ḃur mbeannaċd don dreim ḋíḃreas síḃ: taḃruiḋ ḃir mbeannaċd dóiḃ, agus na malluiḋe íad. Bíoḋ gairdeaċus oráiḃ ma ráon ris an muinntir ar a ḃfuil gairdeaċus, agus bígiḋ ag cáoi maráon ris an muinntir do ní cáoi.
Explore Roṁánaċ 12:14-15
15
Roṁánaċ 12:13
Ag cóṁroinn ris na náoṁaiḃ iona ríaċdanusaiḃ; ag gnáṫuġaḋ luċd áoiḋeaċda do ġlacaḋ.
Explore Roṁánaċ 12:13
16
Roṁánaċ 12:4-5
Oír do réir mar atá iomad ball aguinn a néunċorp aṁáin, agus naċ éunoifig aṁáin atá ag na huile ḃallaiḃ sin: As mar an gcéudna, atámaóidne morán, ar néanċorp a Gcríosd, agus gaċ áon fo leiṫ ar ṁallaiḃ agá ċéile.
Explore Roṁánaċ 12:4-5