YouVersion Logo
Search Icon

Roṁánaċ 1

1
Caibidil I
Ag adṁail a Absdoldaċt, 21 dearḃa Pól gur ab peacṫa graineaṁla is bacaḋ ar an ḟirinne.
1Pol, searḃḟóġantuiġe Iósa Críosd, do goireaḋ ċum ḃeiṫ na absdal do toġaḋ ċum soisgéil Dé. 2(Noċ do réiṁġeall sé tré ná ḟáiḋiḃ sna sgriobtúraiḃ náoṁṫa,) 3A dtimċeall a Ṁic Iósa Críosd ar Dtiġearna, (do gineaḋ do ṡíol Ḋáiḃi do réir na féola; 4Do foillsiġeaḋ na Ṁac Dé a gcúṁaċdaiḃ, do réir spioraid na náoṁṫaċda, tré eiséirġe ó ṁarḃaiḃ:) 5Tré a ḃfúaramairne grása agus absdaltaċd, ċum úṁlaċda an ċreidiṁ; a measg na nuile ċineaḋaċ, ar son anmasan: 6(Eidir a ḃfuil siḃsi leis ar ḃur ngairm ré Híosa Críosd:) 7Ċugaiḃsi uile an ṁéid atá sa Róiṁ, ar ḃur ngráḋuġaḋ ó Ḋía, agus ḃur náoṁaiḃ do réir ġarma: Grása agus sioṫċáin maille riḃ ó Ḋía ar Naṫair, agus an Dtiġearna Iósa Críosd.
8Ar tús, beirim buiḋeaċus ré mo Ḋía féin tré Iósa Críosd ar ḃur sonsa uile, do ḃríġ go ḃfuil túarasgḃáil ḃúr gcreidṁe ar feaḋ an doṁain uile. 9Oír atá Día dfíaḋnuise agum, ḋá ndéanaim seirḃís am spioraid a soisgéul a Ṁic, go mbím gan sgur ag teaċd ṫoraiḃ; 10Ag íarraiḋ do ṡíor am urrnaiġe, a ḟaġáil do ṫoil Dé, asdar séunṁar ar ċor éigin do ḋéunaṁ ḋaṁ fa ḋeóiġ ré ṫeaċd ċugaiḃse. 11Oír atá ro ḟonn oram siḃse dfaicsin, ar ġléus go roinnfinn riḃ tioḋlacaḋ éigin spioradalta, ċum ḃur neartuiġe; 12Eaḋon ionnus go ḃfuiġinn coṁḟurtaċd ḃur ḃfoċairse tré ċreideaṁ a ċeile eaḋon ḃur gcreideaṁsa agus mo ċreideaṁsa. 13Agus, a ḋearḃraiṫreaċa, ní hail leam gan a ḟios do ḃeiṫ agaiḃ, gur ċuir me roṁam go minic teaċd ċugaiḃ, (giḋeaḋ do cuireaḋ toirmeasg oram gus a nois,) ionnus go ḃfuiġinn toraḋ éigin ḃur measgsa, coṁmaiṫ ris na Cineaḋaċaiḃ eile. 14Atáim am ḟéiṫeaṁnaċ do na Gréugaċaiḃ, agus do na dáoiniḃ Barbárṫa; do ḋáoiniḃ glioca, agus neaṁġlioca. 15Ar a naḋḃarsin, an ṁéid is éidir leam, atáim ullaṁ ċum an tsoisgéil do ṡeanmóir ḋáoiḃse mar an gcéudna a ḃfuiltí sa Róiṁ. 16Oír ní ḃfuil náire óram fá ṡoisgéal Ċríosd: do ḃriġ gur ab é cúṁaċd Dé é ċum slánaiġe dá gaċ áon ċreideas; don Iúdaiġe ar tús, agus fós don Ġréugaċ. 17Oír as ann ḟoillsiġṫear fíréuntaċd Dé ó ċreideaṁ go creideaṁ: aṁail atá sgríoḃṫa, Do ġéuḃaiḋ an firéun beaṫa tre ċreideaṁ.
18Oír ḟoillsiġṫear fearg Dé ó neaṁ anaġaiḋ gaċ úile neaṁḋíaḋaċd agus eagcóir na ndaóineaḋ, ċongṁas a nfirinne a neaṁḟireantaċd; 19Oír an ṁéid déolus is éidir dfaġail ar Ḋía atá sé go follus ionntasan; óir do rinne Día follus ḋóiḃ é. 20Oir a neiṫesion naċ éidir dfaicsin, mar atá a ċúṁaċd síorraiḋe agus a ḋiaḋaċd, atáid síad soilléir sóṫuigsigṫe ó ċrúṫuġaḋ an doṁain treas na neiṫe do rinneaḋ; ionnus naċ beiṫ leiṫsgéul aca: 21Do ḃríġ, ar naiṫniuġaḋ Dé ḋoiḃ, naċ rugadar buiḋeaċus ris; aċd gur líonadar do ḋioṁáoineas ann a smuáintiġiḃ, agus gur dallaḋ a gcroiḋe neaṁṫuigsionaċ. 22Ag ráḋ gur ḋaóine éagnuiḋe íad fein, do rinneaḋ amadáin ḋióḃ, 23Oir do iompóiḋeadar glóir Dé naċ éidir do ṫruáilleaḋ a gcosaṁlaċd ioṁáiġe ḋuine ṡoṫruáilliġe, agus éunlaiṫe, agus ainṁinnteaḋ ċeaṫarċosaċ, agus ṗéisdeaġ.
24Ar a naḋḃarsin tug Día iadsan mar an gcéudna ċum neaṁġlaine tre aínṁíanaiḃ a gcríoḋeaḋ féin, ċum a gcorp do ṡalċaḋ eatorra féin: 25Mar ḋruing do iompóiḋ fírinne Dé a mbréig, agus do rinne onóir agus seirḃís don ċreatúr ag treigean an Ċruṫaiġṫéora, noċ atá beannaiġe go síorraiḋe. Amén. 26Ar a naḋḃarsa tug Día íad dainṁíanaiḃ gráineaṁla: óir do aṫruiġeadar a mná a ngnáṫuġaḋ nádúrṫa go ngnáṫuġaḋ mínádurṫa: 27Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ġnáṫaiġe nadúrṫa na mban dóiḃ, do lasadar ann a nainmíanaiḃ an fear a naġaiḋ a ċéile; na fir ag déunaṁ gráineaṁlaċda ris na fearuiḃ, agus fúaradar ionnta féin luáiḋeaċd a seaċrain, mar buḋ cóir. 28Agus aṁail mar nár ċuireadar suim a néolus Dé do ċongṁáil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neaṁċéilliḋe, ionnus go ndéunaidís neiṫe nar ḃiomċuḃaiḋ. 29Ar na líonaḋ do nuile éugcóir, do ṁaílis, do ḋrúis, do ḋroiċṁéin, do ṡaint; ar na líonaḋ do ṫnúṫ, do ḋúnṁarḃaḋ, dó ċeannarraic, do ṁeaḃail, do ḋroċḃéusuiḃ; luċd siusarnuiġe. 30Luċd iṫiomráiḋ, luċd fúaṫaiġe Dé, luċd tarcuisne, dáoine uáiḃreaċa, mórḋáláċa, luċd comṫa uile, easúṁal daiṫreaċaiḃ agus do ṁaiṫreaċaiḃ, 31Eigcéilliḋe, neaṁċoinġeallaċ, gan ġráḋ nadúrṫa, doríarṫa, neaṁṫrócaireaċ: 32Noċ, ar naiṫne ḋliġe Dé ḋóiḃ, (eaḋon go dtuíllid luċd na ngníoṁsa do ḋéunaṁ bás,) aċd mar an gcéudna cáoṁnuid síad luċd a ndéunta.

Currently Selected:

Roṁánaċ 1: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in