Roṁánaċ 2
2
Caibidil II
Gu ḃfuil na Iuduiġe agus na Cineaḋaċa faoi áondamnaḋ arson ṗeacaiḋ.
1Ar a naḋḃarin ní héidir do leisgél a ġaḃáil, a ḋuine, giḋ bé ar biṫ ṫú ḋamnuiġeas duine eile, oir ann sa ní a ndáorann tú neaċ eile, dáoraḋ tú ṫú féin; óir ṫusa ḋáorus duine eile do ní tú na neiṫe céadna. 2Aċd atá a ḟios aguinne go ḃfuil breiṫeaṁnas Dé do réir na fírinne a naġuiḋ na muinntire do ní ionnsaṁail na neiṫeaḋ sin. 3Agus an measann tusa so, O a ḋuine ḋamnuiġeas an dream do ní a leiṫeid súd, agus ṫú féin dá ndéunaṁ, go raċa tú as ó ḃreiṫeaṁnus Dé? 4Nó an dtarcuisniḋeann tú saiḋḃreas a ṁaiṫeasa agus a ḟoiġide agus foide a ḟulaing; gan a ḟios agad go dtréoruiġeann maiṫeas Dé ṫú ċum aiṫriġe? 5Aċd do réir do ċruáis féin agus do ċroíḋe neaṁaiṫriġeaċ taisgiḋ tú ḋuit féin féarg fá ċoṁair láoi na feirge agus ḟoillsiġṫe ċeirtḃreiṫeaṁnuis Dé; 6Noċ a ḃéuras dá gaċ éinneaċ do réir a ġníoṁarṫa: 7Eaḋon don druing iarrus tré ḟoiġid na deaġoibre glóir agus onóir agus neaṁṫruáilleaḋ, an ḃeaṫa ṁarrṫanaċ: 8Aċd don dreim ata ceannairrceaċ, agus naċ uṁluíġeann don ḟírinne, aċd ċreideas do néagcóruiġ, dó ḃéurṫar diombuġ agus fearg. 9Trioblóid agus doġruing, air anam gaċ áonduine do ní olc, an lúdaiḋe ar tús, agus an Ġréugaiġ mar an gcéudna; 10Aċd glóir, agus onóir, agus sioṫċáin, do gaċ áon do ní maiṫ, don Iúduiġe ar tús, agus don Ġréugaċ mar an gcéudna: 11Oír ní ḃfuil cion ag Día ar ṗearsain seaċ a ċéile.
12Oír an ṁéid do ṗeacuiġ gan an dliġeaḋ raċuid a múġa gan an dliġeaḋ: agus an ṁéid do ṗeacuiġ sa dliġeaḋ daiméontar íad leis a ndliġeaḋ; 13(Oír ní híad luċd éisdeaċda an dliġiḋ atá na ḃfirénċuiḃ a ḃfiaḋnuisi Dé, aċd luċd ċoiṁlíonta an dliġiġ a síad ṡairfuiḋear. 14Oir na Cineaḋaċa ag naċ ḃfuil an dliġeaḋ, do níd síad ó nádúir na neiṫe ḃeanas ris an dliġeaḋ, íad so, ag naċ ḃfuil an dliġeaḋ aca, atáid síad na ndliġeaḋ ḋóiḃ féin: 15Noċ ḟoillsiġeas obair an dliġiḋ sgríoḃṫa an a gcroiḋṫiḃ, ar mbeiṫ dá gcogús ag déunaṁ fíaḋnuise má ráon ríu, agus a smuáintiġṫe ag éiliuġaḋ a ċéile nó fós ag gaḃáil a leisgiél;) 16Ann sa lá an a mbéura Día breiṫ ar ṡeicréidiḃ na ndáoine tré Iósa Críosd do réir mo ṡoisgéilsi.
17Féuċ, goirṫear Iúduiḋe ḋíotsa, agus muiniġiḋ tú as a ndliġeaḋ, agus do ní tú morḋáil as Día. 18Agus atá fios a ṫoile agad, agus dearḃuiḋ tú na neiṫe as féarr, ar mbéiṫ foġlomṫa ḋuit ón dliġeaḋ; 19Agus atáoi dóṫċasaċ go ḃfuil tú ad éoluiġe ag na dalluiḃ, ad ṡolas ag an muinntir atá a ndorċadas, 20A tfior múinte na ndáoine neaṁeagnuiḋe, ad ṫeagasgóir na leanbaḃ, ar son go ḃfuil foirm a néoluis agus na fírinne agad sa dliġeaḋ. 21Ṫusa ar a naḋḃarsin ṁúineas duine eile, créd naċ múineann tú ṫú féin? Ṫusa ṡeanmóireas gan ġoid do ḋéunaṁ, a ndéunann tú féin goid? 22Ṫusa a deir gan aḋaltrannas do ḋéanaṁ, a ndéanann tú féin aḋaltrannas? ṫusa agá ḃfuil gráin ar na hioḋaluiḃ, an sladann tú a neaglais? 23Ṫusa do ní mórḋáil as a ndliġeaḋ, an dtaḃair tú easonóir do Ḋía tré ḃriseaḋ an dliġe? 24Oír masluiġṫear ainm Dé ṫríḃsi eidir na Cineáḋaċuiḃ, mar atá sgríoḃṫa. 25Oír is tarḃaċ an timċeallġearraḋ go deiṁin má coiṁéudann tu an dliġeaḋ: aċd más fear ḃrisde an dliġiḋ ṫú, atá do ṫimċeallġearraḋ gan ḃeiṫ na ṫimċeallġearraḋ. 26Ar a naḋḃarsin má ċoiṁéudann an neaṁṫimċeallġearraḋ ordaiġe an dliġe, a né náċ measfuiġṫear a neaṁṫimċeallġearraḋ do ḃeiṫ na ṫimċeallġearraḋ. 27Agus a né naċ daiméona an neaṁṫimċeallġearraḋ átá ó nadúir, má ċoiṁéudann sé an dlíġeaḋ, ṫusa, atá ad ḟior sáruiġe an dliġe trés an litir agus trés an dtímċeallġearraḋ? 28Oír ní hé an tí atá go follas, is Iúduiġe ann; ná fós an dtimċeallġearraḋ atá go follas sa ḃfeóil, is timċeallġearraḋ: 29Aċd an té atá ós íseal, na Iúduiḋe; agus timċeallġearraḋ an ċroíḋe, ann sa spioruid, agus ní sa litir; aga ḃfuil a ṁolaḋ ní ó ḋaóiniḃ, aċd ó Ḋía.
Currently Selected:
Roṁánaċ 2: BedellG
Highlight
Share
Compare
Copy
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.