YouVersion Logo
Search Icon

Gníoṁarṫa 28

28
Caibidil XXVIII
Pól an slánuġaḋ na neaslán ar a tsliġe, 14 rainic an Roiṁ, 30 agus ṫeagaisc ann sin ḋá beliaḋan.
1Agus ar dteaċd dóiḃ slán, dó aiṫneadar ann sin gur Melita do bainm don oilén. 2Agus níor ḃeag an dáonnaċd do rínneadar na dáoine barbarṫa oruinn: oír ar ḃfadóġ teineaḋ ḋoiḃ, do ġaḃadar sinn uíle ċuca, ar son an ċeaṫa do ḃi ag teaċd, agus air son an ḟúaċda.
3Agus ar gcruinniuġaḋ ṁoráin spriosan do Ṗól, agus ar na gcur ḋó ar an dteine, táinic aiṫir niṁe amaċ as an teas, agus do léim sé ar a láiṁ. 4Agus ar ḃfaicsin na péisde croiċde as a laiṁ do na dáoiniḃ barbarṫa, a duḃradar ría ċéile, Go deiṁin is fear dúnṁarḃṫa é, dá naċ ḃfuilngeann dioġaltus a ḃeiṫ beó, gioḋ ṫáinic sé slám ón ḃfairge. 5Aċd ar gcroṫaḋ na péisde ḋósan sa teini, níor airiḋ sé doċar ar biṫ. 6Giḋeaḋ do ḃí súil acasan ré hát dó, nó ré na ṫuitim síos marḃ go hobann: aċd ar mbéiṫ ḋóiḃ a ḃfád ag fuireaḋ, agus naċ ḃfacadar doċar ar biṫ ag teagṁáil dó, ar naṫruġaḋ inntinne, a duḃradar gur día é.
7Agus a dtimċeall na háitesin do ḃí fearann ag ceannṗort a noíléin, dar ḃainm Publius; noċ do ġaḃ sinne ċuige, agus tug áoiġeaċd ḋúinn ar feaḋ ṫrí lá go roċáirdeaṁail. 8Agus tárlá, go raiḃ aṫair Ṗuibliuis na luiġe ré fíaḃrus agus ré flucsa fola: agá ndeaċaiġ Pól dá ionnsuiġe, agus ar ndéanaṁ urnaiġe, ar gcur a láṁ air, do ṡlánuiġe sé é. 9Agus ar na ḋéunaṁ so, tangadar, an ṁéid do ḃí easlán sa noiléun ċuige, agus do ṡlánaiġeaḋ íad: 10Noċ mar an gcéudna tug ḋúinn onóir ṁór; agus ar ndealaḋ ḋúinn ríu, do ċuireadar linn na neiṫe do ḃí na riaċdanus orainn.
11Agus a gcionn ṫrí ṁíos na ḋiáiġ sin do ṡeólamar a luing do longaiḃ Alecsándria, do ḃí ag caiṫeaṁ an ġéiṁriḋ sa noiléun, agus a sé fá coṁarṫa ḋi Castor agus Pollux. 12Agus ar dteaċd dúinn go Siracúsa, dfanamar ann trí lá. 13Agus ar seólaḋ ḋúinn timċeall as sin, tangamar go Rhégium: agus a gcionn laé na ḋiáiġ sin do ṡéid an ġáoṫ a ndeas, agus tangamar lá ar na ṁáraċ go Puteóli: 14Mar a ḃfúaramar dearḃraiṫreaċa, agus do ċuireadar impiḋe oruinn fanṁuin na ḃfoċair feaḋ seaċdṁuine: agus már sin do ṫríallamar roṁuinn don Róiṁ. 15Agus as sin ar ḃfaġáil ar sgéul do na braiṫriḃ, tangadar do ṫeagṁáil dúinn go margaḋ Appius, agus gus na trí táiḃeirniḃ: agus ar na ḃfaicsin do Ṗól, rug sé buiḋeaċus ré Día, agus do ġaḃ sé meisneaċ ċuige.
16Agus ar dteaċd dúinn don Róiṁ, tug an caiptín na braiġde dáirdġinerál na slóġ: aċd tugaḋ cead do Ṗól ḃeiṫ ris féin a ḃfarraḋ ṡaiġdiúir do ċoiṁéudfaḋ é. 17Agus tárla, a gcionn ṫrí lá na ḋiáiġ sin, gur ġoir Pól úaisle na Niúdaiġeaḋ a gceann a ċéile: agus ar gcruinniuġaḋ ḋóiḃ, a duḃairt sé ríu. A ḟeara agus a ḃraiṫreaċa, bíoḋ náċ dearna misi éinní a naġaiḋ an ṗobail, ná ġnáṫnaiġe na sinnsear, giḋeaḋ tugaḋ mé ceangailte ó Ierusalém a láṁaiḃ na Róṁanaċ. 18Noċ lér mían tar éis mo ṫeasdaiġe, mo léigean fá sgáoil, do ḃríġ naċ raiḃ coir ar boṫ ḃáis orum. 19Aċd ar laḃairt go contrárḋa do na Iúdaiġiḃ, do béigean daṁ dul fá ċomairce Ṡéasair; ní hé go ḃfuil aḋḃar ar biṫ agam fá a neileóċainn mo ċineaḋ. 20Uime sin is fá a naḋḃarsa do ċuir mé fios oraiḃse, ċum ḃar ḃfaicsiona, agus laḃarṫa riḃ: oír is ar son ṁuiníġine Israél atáim ceangailte sa slaḃraḋsa. 21Agus a duḃradarsan ris, Níor ġlacamairne fíu na leitre ó ṫír Iúdaiġe ad ṫimċeall, agus ní ṫáinic fós neaċ ar biṫ do na dearḃraiṫriḃ dfoillsiuġaḋ ná dinnisin uile ar biṫ ort. 22Aċd buḋ mían rinn a ċlos uáit na neiṫe ḃreaṫnuiġeas tú: oír do ṫáoḃ a nuirsde, is aiṫniġ ḋúinn do dticṫear na aġaiḋ sa nuile áit.
23Agus ar ndéunaṁ láe ris dóiḃ, tangadar mórán ċuige ḋá lóisdín; noċ ḋar ḟoillsiġ sé rioġaċd Dé, maille ré fíaḋnuise do ḋeunaṁ, ḋá dtarraing ré na ṫeagusg ċum na neiṫeaḋ do ḃean ré Híosa, as reaċd Ṁáoisí, agus ann sna faiḋiḃ, ó ṁaidin go hoiḋċe. 24Agus do aontuiġeadar cuid díoḃ do na neíṫiḃ a duḃairt sé, agus cuid eile nar aontaiġ. 25Agus ar mbeiṫ ḋóiḃ contrárḋa ḋá ċéile, do sgáoileadar as sin, ar ráḋ na héinḃréiṫresi do Ṗól, Is maiṫ do laḃair an Spiorad Náoṁ tré san ḃfaiḋ Esaías ré ar naiṫreaċaiḃne, 26Ag ráḋ, Imṫiġ roṁad ċum an ṗobailse, agus abair, Cluinfiḋ siḃ ré ḃur gclúasaiḃ, agus ní ṫuigfiḋe; agus do ċifiḋ ré ḃur súiliḃ, agus ní buḋ leir ḋáoiḃ: 27Oír atá cróiḋe an ṗobailse ar na raṁruġaḋ, agus do ḃádar a gclúasa boḋar ċum éisdeaċda, agus do ċáoċadar a súile; deagla go ḃfaicfedís ré na súiliḃ, agus go gcluinfedís ré na gclúasaiḃ, agus go dtuigfedis ré na gcroiḋṫiḃ, agus go ḃfillfedís, agus go slaineoċainnse íad. 28Uime sin bíoḋ a ḟios agaiḃse, go ḃfuil an slánúġaḋsa Dé ar na ċur ċum na Gcineaḋaċ, agus go gcluinfid siadsan é. 29Agus ar ráḋ na neiṫeannsa ḋó, do imṫiġeadar na Iúdaiġe amaċ, agus do ḃí iomad diosbóireaċda aca eatorra féin.
30Agus do ċoṁnuiġ Pól ḋá ḃlíaḋain go hiomlán a dtiġ do réiḋiġ sé ḋó féin, agus do ġaḃaḋ ris na huile ḋáoine do ṫigeaḋ a steaċ ċuige, 31Ag seanmóruġaḋ rioġaċda Dé, agus ag teasgusg na neiṫeann ḃeanus ris an Dtiġearna Iósa Críosd, maille ré gaċ uile ċumus laḃarṫa, gan toirmeasg.

Currently Selected:

Gníoṁarṫa 28: BedellG

Highlight

Share

Compare

Copy

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in