Ar a naḋḃarsa tug Día íad dainṁíanaiḃ gráineaṁla: óir do aṫruiġeadar a mná a ngnáṫuġaḋ nádúrṫa go ngnáṫuġaḋ mínádurṫa: Agus mar an gcéudna na fir, ar dtréigean ġnáṫaiġe nadúrṫa na mban dóiḃ, do lasadar ann a nainmíanaiḃ an fear a naġaiḋ a ċéile; na fir ag déunaṁ gráineaṁlaċda ris na fearuiḃ, agus fúaradar ionnta féin luáiḋeaċd a seaċrain, mar buḋ cóir. Agus aṁail mar nár ċuireadar suim a néolus Dé do ċongṁáil, as mar sin tug Día íadsan dinntinn neaṁċéilliḋe, ionnus go ndéunaidís neiṫe nar ḃiomċuḃaiḋ.