Deuteronomi 8
8
Caibidil VIII.
Do ḟuráil se uṁlaċd tré ṁéud ṫioḋluicṫe Dé ḋóiḃ sa nf hásaċ.
1Na huile aiṫeanta aiṫniġimsi ḋiḃ a niuġ coiṁéadfuiḋe a ndéanaṁ, ċor go mbeiṫí béo, agus go líonfuiḋe, agus go reaċdáoi a steaċ agus go sealḃoċṫaoi an fearann noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA do ṫaḃairt da ḃur naiṫriḃ.
2Agus cuiṁneoċa tú na sliġṫe uile ionar ṫréoruiġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú anois re ḋá ḟiċṫid ḃlíaḋan san ḃfásaċ, dot ḋéanaṁ uṁul, agus dot ḋearḃaḋ, dfaġáil feasa cread do ḃí ann do ċroiḋe, an gcoiṁéoltá a aiṫeanta, nó naċ déantá.
3Agus do uṁluiġ sé ṫú, agus do léig ocrus ort, agus do ṡásuiġ sé ṫú lé manna, noċ nár ḃfeas duitse, nó dod aiṫriḃ; ċor go ttiuḃraḋ ort a ḟios do ḃeiṫ agad naċ lé harán aṁáin ḃeaṫuiġear an duine, aċ lé gaċ ní dá ttig as béul an TIĠEARNA ḃíos an duine béo.
4Níor ċríon héadaċ iomat, ní mo do at do ċos, an dá ḟiċiod ḃlíaḋanso.
5Cuiṁneaċa tú mar an gcéadna ann do ċroiḋe, aṁuil, smaċduiġeas duine a ṁac, gur mar sin smaċduiġios an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa.
6Ar a naḋḃarsin coiṁéadfa tú aiṫeanta an TIĠEARNA do Ḋía, do ṡiuḃal iona ṡliġṫiḃ, agus a eagla ḃeiṫ ort.
7Oír do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa go tír ṁaiṫ, tír go naiḃniḃ uisge, go ttoibriḃ agus go ndroiġeanuiḃ ġeineas as áltuiḃ agus as cnocuiḃ;
8Dúiṫċe ċruiṫneaċda, agus eórna, agus ḟíneaṁna, agus ċrann fíge, agus ṗomgranat; agus dúiṫċe ola, ċrann oiliḃ, agus ṁeala;
9Dúíṫċe iona níosa tú arán gan ġainne, ni ḃíaiḋ easḃuiḋ éinneiṫe ort ann; dúiṫċe gurob íarann a cloċa, agus go maḋ héidir leaċd prás do ṫoċuilt as a cnocuiḃ.
10A núair íosas tú bíaḋ agus ḃías tú lán, in sin ḃeinnéoċas tú an TIĠEARNA do Ḋía ar son a nfearuinn ṁaiṫ ṫug sé ḋuit.
11Taḃair haire naċ dearmadfá an TIĠEARNA do Ḋía, a neaṁċoiṁéad a aiṫneaḋ, agus a ḃreiṫeaṁnusaḋ, agus a reaċda, noċ aiṫniġimsi ḋíot a niuġ:
12Ar eagla a nuáir íosfas tú bíaḋ agus ḃías tú sáṫaċ, agus ḋéanas tú tiġṫe maiṫe, agus ċoiṁneoċus tú ionnta;
13Agus a nuáir ṁéidéoċuid ṡealḃaḋa agus do ṫréada, agus ṁéideoċus do ċuid óir agus airgid, agus ṁéideoċus a nuile ní ḃus leaċd;
14An sin go néireoċuiḋ do ċroiḋe súas, agus go ndearmudfá an TIĠEARNA do Ḋía, (noċ ṫug amaċ ṫú as críċ na Hégipte, as tiġ na daóirse;
15Noċ do ṫréoruiġ ṫú ṫríd an ḃfásaċ ṁór úaṫḃásaċ sin, mar a raḃadar naiṫreaċa tinntiġe, agus scorpíona, agus tiormaċ, agus áit naċ raiḃ uisge; noċ ṫug uisce ċugad amaċ as an ccarruig ċruáiḋ;
16Noċ do ḃeaṫuiġ ṫú san ḃfásaċ lé manna, naċ ar ḃfeas dot aiṫriḃ, ċor go nuiṁleoċaḋ sé ṫú, agus go ndearḃoċaḋ sé ṫú, do ḋéanaṁ maiṫeasa ḋuit ann daimsir ḋeiġionuiġ;)
17Agus go naibeorṫá ann do ċroiḋe, Mo ċuṁaċda agus neart mo láiṁe féin fúair an saiḋḃrios so ḋaṁ.
18Aċ cuiṁneoċuiḋ tú an TIĠEARNA do Ḋía: óir isé do ḃeir neart ḋuit dfaġáil saiḋḃris, go ndearna a ċunnraḋ seasṁaċ noċ do ṁionnuiġ sé da ḃur naiṫriḃ, mar atá sé a niuġ.
19Agus is aṁluiḋ ḃías, ma ḋearmadann tú ar éanċor an TIĠEARNA do Ḋía, agus go leanfa tú deé oile, agus seirḃís do ḋéanaṁ ḋóiḃ, agus a naḋraḋ, da nímsi fiaḋnuisi ḃur naġuiḋ aniuġ go reaċṫaoi seaċad go deiṁin.
20Aṁail na ccineaḋaċ do scrios an TIĠEARNA as coinne ḃur naiġṫe, mar sin do scriosfuiġṫear siḃsi; do ḃríġ nar ḃáil liḃ ḃeiṫ uṁal do ġuṫ an TIĠEARNA ḃur Ndía.
Currently Selected:
Deuteronomi 8: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.