Deuteronomi 7
7
Caibidil VII.
Gan ċeangal do ḋeanaṁ ris na cineaḋaċuiḃ. 8 Do ḃríġ gur ḟuasgail Día ḋó féin Israel as an Egipt, agus go ccoiṁeada sé ó a nuile olc íad.
1Anuair do ḃéura an TIĠEARNA do Ḋía ṫú don tír a ḃfuil tú ag dul dá ṡealḃuġaḋ, agus ar tteilgean amaċ ṁóráin cineaḋaċ roṁad, na Hititiġ, agus na Girgasitiġ, agus na Hamorítiġ, agus na Cananítiġ, agus na Perisítiġ, agus na Hiḃitiġ, agus na Iebusitiġ, seaċd gcíneaḋaċa ba ṁó ná siḃse agus ba cuṁaċduiġ;
2Agus a nuáir do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad; buáilfe tú íad, agus scriossuiḋ tú íad ṫríd a maċ; ní ḋéana tú cunraḋ air biṫ riú, nó trócaire do ṫaisbeanaḋ ḋóiḃ:
3Ní mó ḋéanas tú pósaḋ ar biṫ riú; ní ṫiuḃra tú hinġean dá ṁac, agus ní ġlacfa tú a inġion dod ṁac.
4Oír fillfid síad do ṁae ó misi leanṁuin, ċum serḃísi do ḋéanaṁ do ḋeéiḃ oile: mar sin ḃías fearg an TIĠEARNA ar na lasaḋ ad aġaiḋ, agus léirscriósfa sé ṫú go hobann.
5Aċ marso do ḋéantaoi riú; teilgfiḋe seaċad a naltóra, agus bristiḋe síos a níoṁáiġe, agus gearrfuiḋe síos a garrain, agus loiscfiḋe a níoṁáiġe graḃálta le teiniḋ.
6¶ Oír is pobal naoṁṫa don TIĠEARNA do Ḋía ṫusa: do ṫoġ an TIĠEARNA do Ḋía ṫú ċum ḃeiṫ na ṗobal áiriġ aige féin, ós cíonn gaċ uile ṗobail da ḃfuil ar aġuiḋ na talṁan.
7Ní ṫug Día a ġráḋ ḋáoiḃ, agus níor ṫoġ siḃ, dó ċionn gur mó a nuiḃir siḃ ná pobal ar biṫ; óir ba siḃ pobal ba luġa do nuile ṗobal:
8Aċd do ċionn gur ġráḋuiġ an TIĠEARNA siḃ, agus do ċionn go ccoṁailfaḋ na mionna ṫug sé dá ḃur naiṫriḃ, ṫug an TIĠEARNA amaċ siḃ lé láiṁ lái lir, agus do ḟúascuil sé amaċ as tiġ na dáoirse siḃ, as láimb Ṗárao riġ na Hégipte.
9¶ Bioḋ a ḟios agad ar a naḋḃarsin gur bé an TIĠEARNA do Ḋia, ís Día ann, Dia firinneaċ, noċ ċoiṁéadas a ċunnraḋ agus a ṫrócaire don droing ġráḋuiġeas é agus ċoiṁlíonus a aiṫeanta, go míle geinealaċ;
10Agus ċíntiġios ris a ndroing ḟúaṫuiġeas é as coinne a naiġṫe, dá scrios: ní ḃía sé mainneaċdnaċ ris an té ḟuáiṫiġeas é, cúiteoċuiḋ sé ris é as coinne a aġaiḋe.
11Coiṁeadfa tusa ar a naḋḃarsin na haiṫeanta, agus na statúide, agus na breiṫeaṁnuis, noċ ṁúinimsi ḋáoiḃ a niuġ, do ḋéanaṁ.
12¶ Unne sin tiucfa a ccríċ, má eistionn siḃ leis na breiṫeaṁnusuiḃ, agus a ccoiṁéad, agus a ndéanaṁ, go gcoiṁéadfuiḋ an TIĠEARNA do Ḋía ḋuitse an cunnraḋ agus an trócaire do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃ:
13Agus gráiḋeoċuiġ sé ṫú, agus beinneoċuiḋ sé ṫú, agus méideoċuiḋ sé ṫú: agus beinneoċuiḋ sé mar an gcéadna toraḋ do ḃronn, agus toraḋ ṫfearuinn, harḃar, agus ṫfíon, agus hola, agus ionnláoġas do ḃó, agus tréada do ċáoraċ, ann sa dúṫaiġ noċ do ṁionnuiġ sé dod aiṫriḃ do ṫaḃairt ḋuitsi.
14Bíaiḋ tú beannuiġ ós cionn gaċ uile ṗobal: ní ḃíaiḋ firionnaċ ná bainionnaċ aimrid ḃur measc, nó a measc ḃur náirnéise.
15Agus ḃéaruiḋ an TIĠEARNA gaċ uile easláinte uáiḃ, agus ní cuirfiḋ éainní de droiċṫinneasuiḃ na Hégipte oruiḃ, (noċ as eól díḃ;) aċd cuirfe sé íad ar a ndroing ḟuaiṫiġios ṫú.
16Agus scriosfaiḋ tusa a nuile ṗobal ṫoirḃeorus an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit; ní ḃía trúaiġe ag do ṡúil dóiḃ: ní mó ḋéanas tú serḃís da ndéeiḃ; óir bíaiḋ sin mar ḋul ort féin.
17Má deir tú an do ċroiḋe, Is mó na fineaḋaċasa ná misi; cionnus ċúirfios mé as a seilḃ íad?
18Ná bíoḋ eagla ort rompa: aċd cúiṁneoċa tú go maiṫ cread do rinne an TIĠEARNA do Ḋía ré Ṗárao, agus ris an Négipt uile;
19Na caṫuíġṫe móra do ċonnairc do ṡúile, agus na coṁarṫaiḋ, agus na hiongantasa, agus an láiṁ ċuṁaċdaċ, agus an riṫ sínte amaċ, lé ttug an TIĠEARNA ḃar Ndía amaċ ṫú: mar sin do ḋéana an TIĠEARNA do Ḋía ris a nuile ṗobal ré a mbía eagla ort.
20Os a ċionn sin cuirfiḋ an TIĠEARNA dó Ḋía an hornet eatorra, no go mbásuiġṫior an ṁéid ḟúigfiḋior, agus ḟoileoċus íad féin ortsa.
21Ní ḃía úaṫḃás ort ar a sonsan: oír atá an TIĠEARNA do Ḋía eadruiḃ, Día cuṁaċdaċ agus uaṫḃásaċ.
22Agus cuirfiḋ an TIĠEARNA do Ḋía na fineaḋaċaso amaċ roṁad air ḃeagán agus air ḃeagán: ní scriosfa tú a néinḟeaċd íad, deagla go ḃfásfaḋ beaṫuiġ an ṁaċaire ort.
23Aċd do ḃéara an TIĠEARNA do Ḋía ḋuit íad, agus sgriosfuiḋ sé íad le dioġḃuḋ móir, no go raḃuid millte.
24Agus do ḃéuruiḋ sé a ríġṫe ann do láiṁ, agus sgriosfa tú a nainm ó ḃeiṫ faói neaṁ: ní ṫiucfa do ḋuine ar ḃiṫ seasaṁ roṁad, nó go sgriosfa tú íad.
25¶ Ióṁáiġe gráḃalta a ndée loiscfiḋ tú lé teniḋ: ní ṡainteoċuiḋ tú an tairgiod ná án tór atá orra, agus ní ġlacfa tú ċugad é, deagla go ngéaḃṫaoi a ngaiste leis ṫú: oír is aḋḟúaṫṁaireaċd don TIĠEARNA do Ḋía é.
26Ní mó ḃéuras tú aḋḟuaṫṁaireaċd ċum do ṫiġe, deagla go mbeiṫeá ad ní ṁalluiġ cosṁuil ris: aċ fuaṫoċaiḋ tú é ṫríd amaċ, agus biáiḋ gráin ort roiṁe go hiomlan; oír is ní malluiġ é.
Currently Selected:
Deuteronomi 7: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.