YouVersion Logo
Search Icon

Deuteronomi 9

9
Caibidil IX.
Do ċoscaḋ andóċus as a ngníoṁ féin tre ċuiṁniuġaḋ ḋoiḃ a liá úaire ċuadar a nccoinntine ré Día.
1Eist, ó a Israel: Atá tú ag dul tar Iordan san ló aniuġ, do ṡealḃuġaḋ cineaḋaċ is mó agus is láidre ná ṫú féin, caiṫreaċa mora agus cuṁdaiġṫe súas go neaṁ,
2Daoine móra agus árraċda, clann na Nauacimeaċ, noċ is aiṫne ḋuit, agus ġa gcúala tú teaċd ṫársa, Cia le na ttiucfaḋ seasaṁ a naġuiḋ ċloinne Anac!
3Tuig ar a naḋḃarsin a niuġ, gur bé an TIĠEARNA do Ḋía, ṫéid roṁad; mar ṫeiniḋ loisgniġ claoiḋfiḋ sé íad, agus cuirfe sé sios íad as coinne haiġṫe: mar sin ḋíbéorus tú amaċ íad, agus scriostas tú go lúaṫ íad, mar a duḃairt an TIĠEARNA riot.
4Ná habairsi ann do ċroiḋe, tar eís an TIĠEARNA do Ḋía dá tteilgion amaċ roṁad, ġá ráḋ, Ar son mfíréantaċda ṫug an TIĠEARNA a steáċ mé do ṡealḃuġaḋ an nfearuinnsi: aċd ar son ṗeacuiḋ na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA amaċ roṁad íad.
5Ní ar son ṫfiréantaċda, no direaċdas do ċroiḋe, ṫéid tú do ṡealḃuġaḋ a ḃfearuinn: aċd ar son ċionta na gcineaḋaċsa ċuirios an TIĠEARNA do Ḋía amaċ roṁad íad, agus ċor go gcoiṁlíonfaḋ an focal noċ do ṁionnuiġ an TIĠEARNA dot aiṫriḃ, Abraham, Isaac, agus Iácob.
6Tuig ar a naḋḃarsin, naċ dtaḃairan an TIĠEARNA do Ḋía an fearann maiṫsi ḋuit dá ṡealḃuġaḋ ar son ṫfiréantaċda féin; óir is pobal crúaḋṁuinéil ṫú.
7¶ Agus cuiṁniġ, agus ná dearmuid, mar do ḃrostuiġ tú an TIĠEARNA do Ḋía ċum feirge san ḃfásaċ: ón ló fár ḟág tú amaċ críoċ na Hégipte, nó go ttáinic tú don náitsi, do ḃaḃair cogṫaċ a naġuiḋ an TIĠEARNA.
8Mar an gcéadna an Horeb do ḃrostniġ tú an TIĠEARNA ċum feirge, ionnus go raiḃ an TIĠEARNA feargaċ riḃ ċum ḃur millte.
9A nuáir do ċúaiḋ misi súas annsa tslíaḃ do ġlacaḋ na cclár ccloiċṫe, cláir an ċunnarṫa noċ do rinne an TIĠEARNA riḃsi, annsin do rinne me coṁnuiġe ann sa tsliaḃ ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe, níor iṫ mé arán agus ní mó do iḃ mé uisge:
10Agus do ṫug an TIĠEARNA ḋá ċlár ċloiċe ḋaṁ scríoḃṫa lé méur Dé; agus do ḃí scríoḃṫa orra sin do réir a nuile ḃriaṫar, do laḃair an TIĠEARNA riḃsi annsa tsliaḃ amaċ as lár na teineaḋ a ló an ċoṁċruinniġ.
11Agus tárla ccionn ċeaṫraċad lá agus ċeaṫraċad oiḋċe, go ttug an TIĠEARNA ḋaṁ an dá ċlár ċloiċe, eaḋon cláir an ċunnarṫa.
12Agus a duḃáirt an TIĠEARNA riom, Eiriġ, imṫiġ síos go lúaṫ as so; óir do ṫruaill do ṗobal noċ ṫug tú amaċ as a Négipt íad fein; do ḟilliodar go hobann as an tsliġe do aiṫin misi ḋíoḃ; do rinneadar ióṁáiġ leaġṫa ḋóiḃ féin.
13Os a ċionn sin, do laḃair an TIĠEARNA riomsa, ḋa ráḋ, Do ċonnairc mé an pobal so, agus, féuċ, is daóine crúaḋṁuiníl íad:
14Léig ḋaṁ, ionnus go scriosfa mé íad, agus go mbaiṫiḋ mé amaċ a nainm ó ḃeiṫ faói neaṁ: agus do ḋéana mé ḋíotsa cineaḋ is mó agus is cuṁaċdniġ ná iad.
15Mar sin do ḟilleas agus tánag a núas ón tslíaḃ, agus do ḃi an ṡaḃ tré lasaḋ ó ṫeiniḋ: agus do ḃádar ḋá ċlár an ċunnarṫa an mo ḋá láiṁ.
16Agus daṁairc mé, agus, féuċ, do ṗeacuiġeaḃairsi a naġuiḋ an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus do rinneaḃair ḋaóiḃ féin láoġ leaġṫa: diompóiġeaḃair go lúaṫ siḃ féin ón tsliġe do aiṫin an TIĠEARNA ḋíḃ.
17Agus do ġlac misi an dá ċlár, agus do ṫeilg mé as mo ḋá láiṁ íad, agus do ḃris mé ós coinne ḃur súl íad.
18Agus do ṫuit mé síos ós coinne an TIĠEARNA, mar an gcéud úair, ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe: níor iṫ mé arán, agus ní mó diḃ mé uisge, ar son na nuile ṗeacaḋ do ṗeacuiġeaḃairsi, ag déanaṁ cionnta a raḋarc an TIĠEARNA, do ċur feirge air.
19Oír do ḃí eagla na feirge orm agus an míoṫaitniḋ ṁóir, lé a raiḃ an TIĠEARNA feargaċ ḃur naġuiḋsi dá ḃur milleaḋ. Aċd do éist an TIĠEARNA riom a nuairsin mar an gcéadna.
20Agus de ḃí an TIĠEARNA ro ḟeargaċ re Háaron ċum a ṁillte: agus do ġuiḋ misi ar son Aáron fós a núair ċéadnasin.
21Agus do ġlac mé ḃur ccoir, an láoġ do rinneaḃair, agus do loisg mé lé teiniḋ é, agus do ḃrúiġ mé é, agus do ṁeil mé go roiṁín é, eaḋon go raiḃ ċoimín re luáiṫreaḋ: agus do ċaiṫ mé a luáiṫreaḋ ionsa naḃuinn ṫig a núas as an tslíaḃ.
22Agus do ḃrostuiġeaḃair an TIĠEARNA ċum feirge a Ttaberah, agus in Masa, agus in Cibrot‐hatáaḃah.
23Ar an moḋ gcéadna a núair do ċuir an TIĠEARNA siḃ as Cades‐barnea, ġa ráḋ, Eiriġe súas, agus sealḃúiġe an fearann ṫug misi ḋíḃ; annsin do ċaṫuiġeaḃair a naġaiḋ aiṫne an TIĠEARNA ḃur Ndía, agus níor ċreideaḃair é, agus níor éisteaḃair re na ġuṫ.
24Do ḃáḃair ceannairceaċ a naġuíḋ an TIĠEARNA ón ló fár aiṫnid ḋaṁsa siḃ.
25Marso do ṫuit mé síos a ḃfíaḋnuisi an TIĠEARNA ceaṫraċad lá agus ceaṫraċad oiḋċe, mar do ṫuit mé síos an ċéad úair; do ċionn go nduḃairt an TIĠEARNA go millfeaḋ sé síḃ.
26Do ġuiḋ misi ar a naḋḃarsin an TIĠEARNA, agus a duḃairt mé, A TIĠEARNA a Ḋé, ná mill do pobal agus hoiġreaċd, noċ no ḟúascuil tú led ṁórḋaċd, noċ ṫug tú amaċ as a Négipt lé láiṁ láidir.
27Cuiṁniġ do ṡeirḃísiġ, Abraham, Isaac, agus Iácob; ná féuċ ar easurramaċd na ndaóinesi, nó ar a nolc, nó ar a bpeacaḋ:
28Ar eagla go naibéoraḋ an dúiṫċe as a ttug tú amaċ sinn, Do ḃríġ nar ḟéud an TIĠEARNA a mbreiṫ don tír do ġeall sé ḋóiḃ, agus do ḃríġ gur ḟúaṫuiġ sé íad, ṫug sé amaċ íad da marḃaḋ fan ḃfásaċ.
29Giḋeaḋ síad do ṗobalsa íad agus hoiġreaċd, noċ ṫug tú amaċ led neart ċuṁaċdaċ agus led riġ sínte amaċ.

Currently Selected:

Deuteronomi 9: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in