Oír do ḃeir an TIĠEARNA do Ḋía ṫusa go tír ṁaiṫ, tír go naiḃniḃ uisge, go ttoibriḃ agus go ndroiġeanuiḃ ġeineas as áltuiḃ agus as cnocuiḃ;
Dúiṫċe ċruiṫneaċda, agus eórna, agus ḟíneaṁna, agus ċrann fíge, agus ṗomgranat; agus dúiṫċe ola, ċrann oiliḃ, agus ṁeala;
Dúíṫċe iona níosa tú arán gan ġainne, ni ḃíaiḋ easḃuiḋ éinneiṫe ort ann; dúiṫċe gurob íarann a cloċa, agus go maḋ héidir leaċd prás do ṫoċuilt as a cnocuiḃ.