YouVersion Logo
Search Icon

II Timóteuis 4

4
Caibidil IV
Oifig ḃúaċaille na heagluise, 7 agus caiṫréim ḋeireannaċ Ṗóil, tar éis búaḋuġaḋ.
1Uime sin cuirim dúalaċ ort a ḃfíaḋnuise Dé, agus an Tíġearna Iósa Críosd, noċ ḃéuras breaṫ ar ḃéoḋuiḃ agus ar ṁarḃuiḃ agá ṫeaċd deallruiġṫeaċ agus an ríoġaċd; 2Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal. 3Oir tiucfuiḋ aimsir naċ mbiáiḋ fulang aca ar ṫeagusg ḟallái; aċd ar mbeiṫ dá gclúasuiḃ lionta do ṫoċas cruinneóċuid síad ḋóiḃ féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; 4Agus fillfid síad a gclúasa ón ḃfírinne, agus geillfid do sgéultuiḃ fáḃuill. 5Giḋeaḋ déunsa faire sna huile neíṫiḃ, fulaing anṡóġ, déin obair ṡoíḃisgeil, taḃair fá deara do ṁiniosdrálaċd do ḃeiṫ dearḃṫa.
6Oír atáimse a noise féín dom íoḋbairt, agus is fógas daṁ aimsir mimṫeaċda. 7Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ: 8O so amaċ atá coróin ḟíréuntaċda ar na taisge fám ċoṁair, noċ ḃéuras an Tíġearna, an breiṫeaṁ cóṁṫrom ḋáṁ sa ló úd: agus ní ḋáṁsa aṁáin, aċd mar an gcéudna do na huile ḋáoine ġráḋuiġeas a ṫeaċd.
9Déun deiṫneas ré ṫeaċd ċugam go haiṫġearr: 10Oír do ṫréiġ Démas mé, ar dtáḃairt ġráḋa don tsáoġalsa a láṫair, agus do imṫiġ sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia. 11Atá Lucás na áonar um ḟoċair. Ar mbreiṫ ḋuit ar Ṁárcuis, taḃair leaċd é: óir as ro ṡocraċ ḋáṁsa é ċum miniosdrálaċda. 12Agus do ċuir mé Tiċicus uáim go Heṗesus. 13An tan ṫiucfas tú, taḃair leaċd an brat noċ do ḟág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leáḃair, go háiriġe na meamruim. 14As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguiḋ an Tíġearna ḋó réir a ġníoṁarṫaḋ. 15Agus bíse mar an gcéudna ar do ċoiṁéud air; óir is mór do ċuir sé a naḋuiġ ar mbríaṫairne. 16Ann mo ċéud ċosaintse níor raiḃ áonduine agam, aċd do ṫréigeadar uile mé: nar agrar orrṫa é. 17Giḋeaḋ do ṡeas an Tíġearna láiṁ rium, agus do neartuiġ sé mé; ionnus go mbíaḋ seanmóir an tsoisgeil dearḃṫa ṫríomsa, agus do gcluinfedis na Cineaḋaċa uile í: agus do sáoraḋ mé ó ḃéul an leoṁain. 18Agus sáorfa an Tíġearna mé ó gaċ uíle ḋroċobair, agus coṁéudfuiḋ ċum a ríoġaċda neaṁḋa féin: glóir ḋósan go saóġal na sáoġal. Amén.
19Beir beannaċd ċum Ṗrisca agus Acuila, agus ċum luċ tiġe Onesíṗoruis. 20Do ċóṁnuiḋ Erastus a Gcoríntus. Agus dfág mé Troṗimus a Milétum go héugcruáiḋ. 21Déun deiṫneas ré ṫeaċ roiṁ an ngéiṁreaḋ.
Cuiriḋ Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Cláudia, agus na dearḃráirṫre uile a mbeannaċ ċugad.
22 Go raiḃ an Tíġearna Iósa Críosd maille réd sbioruid. Grása maille riḃ. Amén.

Currently Selected:

II Timóteuis 4: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in