1
II Timóteuis 4:7
An Bíobla Naoṁṫa 1817 (Bedell)
BedellG
Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ
Compare
Explore II Timóteuis 4:7
2
II Timóteuis 4:2
Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal.
Explore II Timóteuis 4:2
3
II Timóteuis 4:3-4
Oir tiucfuiḋ aimsir naċ mbiáiḋ fulang aca ar ṫeagusg ḟallái; aċd ar mbeiṫ dá gclúasuiḃ lionta do ṫoċas cruinneóċuid síad ḋóiḃ féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; Agus fillfid síad a gclúasa ón ḃfírinne, agus geillfid do sgéultuiḃ fáḃuill.
Explore II Timóteuis 4:3-4
4
II Timóteuis 4:5
Giḋeaḋ déunsa faire sna huile neíṫiḃ, fulaing anṡóġ, déin obair ṡoíḃisgeil, taḃair fá deara do ṁiniosdrálaċd do ḃeiṫ dearḃṫa.
Explore II Timóteuis 4:5
5
II Timóteuis 4:8
O so amaċ atá coróin ḟíréuntaċda ar na taisge fám ċoṁair, noċ ḃéuras an Tíġearna, an breiṫeaṁ cóṁṫrom ḋáṁ sa ló úd: agus ní ḋáṁsa aṁáin, aċd mar an gcéudna do na huile ḋáoine ġráḋuiġeas a ṫeaċd.
Explore II Timóteuis 4:8