II Timóteuis 4
4
Caibidil IV
Oifig ḃúaċaille na heagluise, 7 agus caiṫréim ḋeireannaċ Ṗóil, tar éis búaḋuġaḋ.
1Uime sin cuirim dúalaċ ort a ḃfíaḋnuise Dé, agus an Tíġearna Iósa Críosd, noċ ḃéuras breaṫ ar ḃéoḋuiḃ agus ar ṁarḃuiḃ agá ṫeaċd deallruiġṫeaċ agus an ríoġaċd; 2Déuna an bríaṫar do ṡeanmóir; bí dúṫraċdaċ a nám, agus a nanám; spreag, smaċduiġe, agus teaguisg maille ris a nuile ċeannsaċd agus ḟoirceadal. 3Oir tiucfuiḋ aimsir naċ mbiáiḋ fulang aca ar ṫeagusg ḟallái; aċd ar mbeiṫ dá gclúasuiḃ lionta do ṫoċas cruinneóċuid síad ḋóiḃ féin do réir a nainmían iomad teagusgóir; 4Agus fillfid síad a gclúasa ón ḃfírinne, agus geillfid do sgéultuiḃ fáḃuill. 5Giḋeaḋ déunsa faire sna huile neíṫiḃ, fulaing anṡóġ, déin obair ṡoíḃisgeil, taḃair fá deara do ṁiniosdrálaċd do ḃeiṫ dearḃṫa.
6Oír atáimse a noise féín dom íoḋbairt, agus is fógas daṁ aimsir mimṫeaċda. 7Do ċóṁraic mé cóṁrac maiṫ, ráinic mé ceann mo ċoiṁleanga, do ċoiṁéid me an creaideaṁ: 8O so amaċ atá coróin ḟíréuntaċda ar na taisge fám ċoṁair, noċ ḃéuras an Tíġearna, an breiṫeaṁ cóṁṫrom ḋáṁ sa ló úd: agus ní ḋáṁsa aṁáin, aċd mar an gcéudna do na huile ḋáoine ġráḋuiġeas a ṫeaċd.
9Déun deiṫneas ré ṫeaċd ċugam go haiṫġearr: 10Oír do ṫréiġ Démas mé, ar dtáḃairt ġráḋa don tsáoġalsa a láṫair, agus do imṫiġ sé go Tessalonica; Crescens go Galátia, Titus go Dalmátia. 11Atá Lucás na áonar um ḟoċair. Ar mbreiṫ ḋuit ar Ṁárcuis, taḃair leaċd é: óir as ro ṡocraċ ḋáṁsa é ċum miniosdrálaċda. 12Agus do ċuir mé Tiċicus uáim go Heṗesus. 13An tan ṫiucfas tú, taḃair leaċd an brat noċ do ḟág mé a Dtróas ag Carpus, agus na leáḃair, go háiriġe na meamruim. 14As mór dolc do rinne Alecsandar an céard copair oram: go dtuguiḋ an Tíġearna ḋó réir a ġníoṁarṫaḋ. 15Agus bíse mar an gcéudna ar do ċoiṁéud air; óir is mór do ċuir sé a naḋuiġ ar mbríaṫairne. 16Ann mo ċéud ċosaintse níor raiḃ áonduine agam, aċd do ṫréigeadar uile mé: nar agrar orrṫa é. 17Giḋeaḋ do ṡeas an Tíġearna láiṁ rium, agus do neartuiġ sé mé; ionnus go mbíaḋ seanmóir an tsoisgeil dearḃṫa ṫríomsa, agus do gcluinfedis na Cineaḋaċa uile í: agus do sáoraḋ mé ó ḃéul an leoṁain. 18Agus sáorfa an Tíġearna mé ó gaċ uíle ḋroċobair, agus coṁéudfuiḋ mé ċum a ríoġaċda neaṁḋa féin: glóir ḋósan go saóġal na sáoġal. Amén.
19Beir beannaċd ċum Ṗrisca agus Acuila, agus ċum luċ tiġe Onesíṗoruis. 20Do ċóṁnuiḋ Erastus a Gcoríntus. Agus dfág mé Troṗimus a Milétum go héugcruáiḋ. 21Déun deiṫneas ré ṫeaċ roiṁ an ngéiṁreaḋ.
Cuiriḋ Eúbulus, agus Púdens, agus Línus, agus Cláudia, agus na dearḃráirṫre uile a mbeannaċ ċugad.
22 Go raiḃ an Tíġearna Iósa Críosd maille réd sbioruid. Grása maille riḃ. Amén.
Currently Selected:
II Timóteuis 4: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.

: