II Ccorintiánaċ 3
3
Caibidil III
Gurab roġa minisdir ṡoisgeil ṡoillier na sáoirse, ar ṁinidir an reaċda scáilḋe, do ḃeir damnaḋ.
1An dtionnsgnamaóid a rís sinn féin do ṁolaḋ? nó an ḃfuil riaċdanus aguinn, mar atá ag druing áiriġe, re litreaċa molta ċugaiḃse, nó litreaċa molta uáiḃ? 2A sí ar liteirne siḃse sgríoḃṫa ionar gcroiḋṫiḃ, ṫuigṫear agus léiġṫear ris na huile ḋaóiniḃ: 3Ar mbeiṫ follus gur siḃ eipisdil Ċríosd do frioṫolaḋ rinne, ar na sgrioḃaḋ ní ré duḃ, aċd ré Sbioruid Dé ḃí; ní a gclaruiḃ cloiċe, aċd a gcláruiḃ féolṁara an ċroiḋe.
4Agus atá a leiṫeid so do ḋóṫċas aguinn tré Ċríosd a Ndía: 5Ní hé go ḃfuilmíd cumasaċ ar áoinní smuáineaḋ uáinn féin mar uáinn féin; aċd is ó Ḋía atá ar gcumas; 6Noċ fós do rinne minisdrí iomċuḃaiḋ ḋínn don tiomna núaḋ; ní don litir, aċd don sbioruid: óir marḃuiḋ an litir, aċd do ḃeir an sbiorad beaṫa.
7Agus má ḃí miniosdrálaċd an ḃáis, a litriḃ ar na ṫarruing a gcloċaiḃ, glórṁar, ionnas nar ḃfeidir ré clannuiḃ Isráel féuċáin go gér air aġaiḋ Ṁáoisi tre ḋeallruiġ a ġnúisi; noċ do cuireaḋ ar gcúl: 8Cionnus naċ mbiáiḋ miniosdrálaċd na sbioruide ní sa ġlorṁuire? 9Oír má ḃí miniosdrálaċd an damnuiġte glórṁar, as ro ṁó ná sin ḃeireas a miniosdrálaċd na fíreantaċda bárr a nglóir. 10Oír an ní ud do rinneaḋ glórṁar ní ḋearnaḋ glórṁar é sá ċás so, a ḃfarraḋ na glóire is áirde. 11Oír má ḃí an ní sin curṫar ar gcúl glórṁar, as ro ṁó ná sin atá an ní coṁnuiġṫeaċ glórṁar.
12Uime sin ar mbeiṫ ḋá ṡaṁuil so do ṁuinġin aguinn, ċleaċdmaóid dánaċd ṁór: 13Agus ní ḃfuílmid mar Ṁaóisi, do ḟoluiḋ a aġaiḋ, ionnus naċ ḃféuċfadóis clanna Israél go grinn air ċríċ a neiṫe ċurṫar ar gcúl: 14Uime sin do dallaḋ a ninntinn: óir gus a niuġ a léiġṫóireaċd na seantiomna fanuiḋ an folaċ céadna gan áṫruġaḋ; noċ curṫar ar gcúl ré Críosd. 15Aċd fós gus a niuġ, an tan léiġṫear Maóisi, curṫar an folaċ ar a gcroiḋṫiḃ. 16Giḋeaḋ an tan ḟillfid síad ċum an Tiġearna, toigéuḃṫar an folaċ úaṫa.
17Aċd as é an Tiġearna an Sbíorad sin: agus giḋ bé hionad ann a ḃfuil Sbiorad an Tiġearna, atá sáoirse ann sin. 18Agus ar mbeiṫ ḋúinn uile, gan folaċ air ar naḋuiġ ag féuċuinn ġlóire an Tiġearna aṁuil do ḃíaḋ a sgaṫán, curṫar a náiṫearraċ croṫa sinn sa nioṁáiġ ċéudna sin ó ġlóir go glóir, ré Sbioruid an Tiġearna.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 3: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.