II Ccorintiánaċ 2
2
Caibidil II
Maiṫeaṁnas agus meisneaċ ṫaḃairt do nduine ċoluiġeaċ, déis a aiṫreaċas.
1Aċd do smuáin mé so riom féin, gan teaċd a rís ċugaiḃ a ndoilġeas. 2Oír má ċuirimse doilġeas oraiḃse, cía hé ċuireas sólás oram féin, aċd an tí atá fá ḋoilġeas dom ṫáoḃ? 3Agus as ċuige do sgríoḃ mé a ní so féin ċugaiḃ, deagla, ar dteaċd ḋaṁ, go ngéuḃaḋ doilġeas air muin doilġis mé fán muinntir, agár ċóir ḋaṁ gáirdeaċas do ḃeiṫ oram ḋá dtáoḃ; ar mbeiṫ ḋaṁ muiniġineaċ asaiḃ uile, gur ab é mo ġairdeaċasa, ḃur ngáirdeaċasa uile. 4Oír is as buáiḋirt ṁóir agus as dóilġeas croiḋe do sgríoḃ mé ċugaiḃ maille ré hiomad déur; ní ċum dóilġeasa do ċur oraiḃ, aċd ċum go dtuigfeaḋ siḃ an gráḋ ro líonṁar atá agam ḋíḃ.
5Aċd má ṫáinic dóilġeas do ṫáoḃ éunduine, níor ċuir sé dóilġeas oramsa, aċd a gcáiliḃ; ionnus naċ gcuirfinn ro úalaċ oruiḃse uile. 6Is lór ḋá leiṫeid sin do ḋuine an timḋeargaḋ, fuáir sé ó ṁórán. 7Ionnus a nois contrárrḋa ḋó sin gur córa ḋíḃ maiṫeaṁnus do ṫaḃairt dó, agus sólás do ċur air, deagla go sluigfiḋe súas é lé hiomarcuiḋ doilġís. 8Uime sin íarruim daṫċuinġe oruiḃ ḃur ngráḋ do ḋainniuġaḋ ḋá ṫáoḃ. 9Oír as ċuige so fós do sgríoḃ mé, ċum go mbíaḋ fios dearḃṫa agum oraiḃse, an mbíaḋ siḃ úṁal sna huile neiṫiḃ. 10Agus giḃ bé ḋá dtug siḃse maiṫeaṁnus áoinneiṫe, do ḃeirimse mar an gcéadna: óir má ṫug misi maiṫeaṁnus a neinní uáim, giḋ bé ḋá dtug mé an maiṫeaṁnus, is ar ḃir sonsa tug mé uáím é a ḃfíaḋnuisi Ċríosd; 11Deagla Ṡátan do ḃreiṫ buáiḋe oruinn ré na ġliocas: oír ní ḃfuil ainḃfios a ṡliġṫeaḋsan oruinn.
12Tuilleaḋ eile, ar dteaċd daṁ go Tróas air son ṡoisgéil Ċríosd, bíoḋ gur hosglaḋ doras daṁ ón Dtiġearna, 13Ní ḃfuáir mé suáiṁneas dom sbioruid, do ḃriġ naċ dtárla ḋaṁ mo ḋearḃráṫair Títus. Aċd ar ngaḃáil mo ċeada acasan daṁ, do imṫiġ mé úaṫa go Macedónia. 14Agus a ḃuiḋe ré Día, do ḃeir fa deara ḋúinn buáiḋ do ḃreiṫ a gcoṁnuiḋe a Gcríosd, agus ḟoillsiġeas balaḋ a éolais féin ṫrídne sa nuile áit.
15Oír is sinn deaġḃalaḋ Ċríosd do Ḋía, sa druing ṡlánuiġṫear, agus sa druing ḋamnuiġṫear: 16Do ḋruing ḋíoḃ atámaid ar mbalaḋ báis ċum báis: agus do ḋruing eile ar mbalaḋ beaṫa ċum beaṫa. Agus cía atá acfuinneaċ ċum na neiṫeannsa? 17Oír ní ḃfuilmídne mar ṁórán, do ṫruáilliġeas bríaṫar Dé: aċd laḃrámaóid ar Ċríosd aṁuil ó ḟiorġloine, nó aṁuil ó Ḋía, a ḃfíaḋnuisi Dé.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 2: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.