II Ccorintiánaċ 4
4
Caibidil IV
Gurab soillier an ḟirinne do ntí is áill, 7 agus gur mo coṁḟurtaċd no cúṁgaċ an ċreideaṁ.
1Ar a naḋḃarsin ar mbeiṫ don ṁiniosdrálaċdsa aguinn, do réir mar fúaramar trócaire, ní ṫeiġmid a nanḃfuinne; 2Aċd do ṫréigeamar na neiṫe folaiġṫeaċ míoṁacántuis, ní ag siuḃal a cceilg, ná ag truáilleaḋ ḃréiṫre Dé; aċd maille ré foillsiuġaḋ na fírinne do nímid sinn féin ionṁolta do ċoinsias gaċ áon a ḃfíaḋnuisi Dé. 3Uime sin má atá ar soisgéulne ar na ḟolaċ, is ar an druing ṫéid amúġa atá sé ar na ḟoloċ: 4Agar ḋáll día an tsáoġailse a ninntinn noċ atá ar ḋíṫ creidiṁ, ionnus naċ bíaḋ soillse ṡoisgéil ġlórṁair Ċríosd, noċ is íoṁáiġ Dé, ag dealruġaḋ ḋóiḃ. 5Oír ní sinn féin do nímid do ṡeanmóir, aċd Iósa Críosd an Tiġearna; agus sinn féin do ḃeiṫ ḋáoiḃse ar searḃḟoġantuiġiḃ ar son Iósa. 6Oír a sé an Día, do aiṫin don tsolas soillsiuġaḋ as an dorċadus, do ḋealruiḋ ann ar gcroiḋiḃne, ċum soillsi éolais ġlóire Dé do ṫaḃairt uáinn a ngnúis Iósa Críosd.
7Giḋeaḋ atá an tionnṁus so aguinn a soiṫiġiḃ críaḋ, ċum oirḋearcuis an ċúṁaċd sin do ḃeiṫ ó Ḋía, agus ní uainn féin. 8Bímid dar mbuáiḋreaḋ ar gaċ táoḃ, ge naċ ccurṫar a gcúṁgaċ sinn; bímid a gconntaḃairt, gé naċ dtéid sin a néudóṫċas; 9Bí gérleanṁuin dá déunaṁ oruinn, giḋeaḋ ní tréigṫear sinn; teilgṫear síos sinn, giḋeaḋ ní ṫéiġmid amúġa; 10Iomċramaóid ann ar ccorp fá gcuáirt sna huile áitiḃ bás an Tiġearna Iósa, ionnus go mbeiṫ beaṫa Iósa mar an gcéudna folus ann ar gcorp. 11Oír sinne áta béo bímid do ṡíor dar ccur ċum báis ar son Iósa, ionnus go mbeiṫ beaṫa Iósa follus mar an gcéudna ann ar ḃfeóil ṡoṁarḃṫa. 12Uime sin bí an bás ag oibriuġaḋ ionnuinne, agus an ḃeaṫa ionnuiḃsi. 13Agus do ḃríġ gur ab áon ċreideaṁ atá aguinn, do réir a neiṫe atá sgríoḃṫa, Do ċréid mé, agus ar a naḋḃarsin do laḃair mé; creidmidne fós, agus ar a naḋḃarsin laḃramaóid mar an gcéudna; 14At mbeiṫ a ḟios aguinn an tí do ṫóg súas an Tiġearna Iósa go dtoigéuḃaiḋ sé sinne mar an gcéadna tré Iósa, agus do dtiuḃra sé sinn ḃur laṫairse. 15Oír is ar ḃur sonsa atáid na huile neiṫesi, ionnus go líonfaḋ an grás ro lionṁarsa ċum glóire Dé tré ḃreiṫ buiḋeaċais ṁórain.
16Uime sin ní ḃfuilmíd ag dul a nanḃfainne; aċd bíoḋ go dtruáilliġṫear ar nduine leiṫimealaċ, aṫnúaḋaiġṫear fós an tí atá don táóḃ a stiġ go láeṫaṁuil. 17Oír oibriġiḋ ar mbuáiḋirt éudtrom, noċ naċ ṁairios aċt momeint, níos móḋ go líonṁar agus truime mbairṫanaċ dan ġloire ḋuinne: 18Ar mbeiṫ ḋúinn ag taḃairt ar naire do na neiṫiḃ naċ ḃfuil ré a ḃfaicsin, agus ní do na néiṫiḃ ata re a ḃfaicsin: oír is neaṁbúan na neiṫe atá ré a ḃfaicsin; agus is síorruiḋe na neiṫe naċ ḃfaicṫear.
Currently Selected:
II Ccorintiánaċ 4: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.