I Timóteuis 4
4
Caibidil IV
Tairrgir attáoḃ ḟúarċreideaṁ, agus ċraḃuḋ ċoiṁiġeaċ na naimsire deiġionnaċ.
1Aċd a deir an Sbiorad go follas, go dtréigfiḋ dream áiriġe an creideaṁ sna haimsearuiḃ deiġeanaċa, ag taḃairt aire do sbioraduiḃ seaċranaċa, agus do ṫeagusguiḃ deaṁan; 2Tre ċlúainecreaċd luċd laḃarṫa na breéige; mar mbeiṫ dá ccoinnsíasuiḃ ar na losgaḋ ré híarann dearg; 3Noċ ṫoirmisgeas pósaḋ, an bíaḋ do ṡeaċna, noċ do ċrúṫuiġ Día ċum a ċaiṫṁe maille re haltuġaḋ don druing ċreideas agus agá ḃfuil fios na fírinne. 4Oír as maiṫ gaċ ní do ċrúṫuiġ Día, agus ní cóir éinní deiteaċ, aċd go ngaḃṫar é máille ré breiṫ ḃuiḋeaċuis: 5Oír do níṫear náoṁṫa é tré ḃréiṫir Dé agus tré urnuiġe.
6Dá gcuiriḋ tú na neiṫesi a gcéill do na dearḃráiṫriḃ, biáḋ tú ad ṁinisdir ṁaiṫ Diósa Críosd, ar mbeiṫ ḋuit oilte a mbríaṫruiḃ an ċreidiṁ agus an teagusg ṁaiṫ, dár lean tú. 7Giḋeaḋ seaċain sgéula fáḃuil neaṁḋíaġa caillċúla, agus cleaċd ṫú féin ċum díaġaċda. 8Oír as beag an tarḃa a dtéid an cleaċdaḋ corparrḋa: aċd is tarḃaċ an díaġaċd ċum na nuile neiṫeann, agá ḃfuil geallaḋ na beaṫa atá a laṫair, agus ċum teaċda. 9As ráḋ fírinneaċ so agus atá sé iongaḃála ris ar gaċ éunċor. 10Oír as uime do nimíd sáoṫar agus imḋeargṫar sinn, do ḃríġ go ḃfuil ar muiniġin a Ndía ḃí, agár ab é as fear sáorṫa do na huile ḋáoiniḃ, go mórṁór do druing ċreideas.
11Fógair agus teaguisg na neiṫese. 12Ná bíoḋ tarcuisne ag áoinneaċ ar hóige; aċd bí mar eisiompláir don druing agá ḃfuil creideaṁ, a mbréiṫir, a gcoinḃearsaid, a ngráḋ, a sbioruid, a gcreideaṁ, agus a ḃfíorġloine. 13Go teaċd daṁsa taḃair, haire do léiġṫóireaċd, do ṫeagusg, agus dfoirċeadal. 14Ná léig failliḋe sa dtioḋlacaḋ atá ionnad, noċ tugaḋ ḋuit tré fáiḋeadóireaċd maille ré leagaḋ láṁ na sinnsear. 15Smuáin ar na neiṫiḃse; cóṁnuiġ ionnta; ionnus go mbíaḋ do ṫeaċd ar haġuiḋ follas do na huile ḋáoiniḃ. 16Taḃair aire ḋuit féin, agus do ṫeagusg; coṁnuiġ ionnta: oír dá ndéuna tú sin sáorfuiḋ tu ṫú féin, agus an drong éisdeas riot.
Currently Selected:
I Timóteuis 4: BedellG
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
First published by the British and Foreign Bible Society in 1817.