YouVersion Logo
Search Icon

I Timóteuis 3

3
Caibidil III
Deaġ ċoinġiolla ṁinisdreaḋ na heagluise.
1As ráḋ fírinneaċ so, Má atá fonn ar áoinneaċ oifig easbuig do ġlacaḋ, íarruiḋ sé obair ṁaiṫ. 2Uime sin as coir deasbóg a ḃeiṫ neaṁloċdaċ, na ḟior éunṁná, na ḋuine ḟaireaċ, ṁeassarrḋa, ṁacánta dáonnaċdaċ, réiḋ ċum teaguisg; 3Gan ḃeiṫ roḟonnṁar a ḃfíon, gan ḃeiṫ buáilteaċ, gan dúil do ḃeiṫ aige a neudáil neaṁġloin; aċd ḃeiṫ ceannsaiġ, neaṁċeannairceaċ, neamṡanntaċ; 4Agus na ḋuine ríaġluiġeas a ṫiġ féin go maiṫ, agá mbí a ċlánn fá úṁlaċd maille ris an uile ṫrómġaċd; 5(Oír munab eól do neaċ a ṫiġ féin do riaġluġaḋ, cionnas ḃías cúram eagluise Dé air?) 6Gan ḃeiṫ ḋó na noiḃíseaċ, deagla ar mbeiṫ ḋó líonta dúaḃar go duitfeaḋ sé a ndannuġaḋ an díaḃail. 7As cóir ḋó fós deaġṫeisd do ḃeiṫ air ag an druing atá a muiṫ; deagla go ḃfuiġeaḋ se sgannuil agus go dtuitfeaḋ sé a ndul an díaḃal. 8Mar an gcéudma as cóir do na deaoċánuiḃ ḃeiṫ trómḋa, gan a dteanguiḋ liom-leaċd, gan ḃeiṫo ḟonnṁar a ḃfíon, ná dúil do ḃeiṫ aca a néudáil neaṁġloin; 9Ag congṁáil ṡeicréide an ċreidiṁ a gcoinnsías ġlan. 10Agus déuntar íad so do ḋearḃaḋ mar an gcéudna ar tús; ná ḋíaiġ sin déunuid miniosdrálaċd, má ġeiḃṫear neaṁloċdaċ íad. 11A mná már an gcéudna trómġa, neaṁṫaṫáoireaċ, súaiṁneaċ, ionruic sna huile neiṫiḃ. 12Bíoḋ na deoċáin na ḃfearuiḃ áon ṁná, ag ríaġluġaḋ a gcloinne agus a dtiġṫeaḋ féin go cúḃaiḋ. 13Oir an dream do ní miniosdrálaċd go maiṫ gnoḋniġid síad céim maiṫ ḋóiḃ féin, agus dánaċ ṁór trés an gcreideaṁ atá a Niósa Críosd.
14Sgrioḃuim na neiṫese ċugad, ar mbeiṫ ḋaṁ muiniġneaċ re ṫeaċd go haiṫġearr a ttionnsuiġe. 15Aċd ma ním muill ré ṫeaċd, ċum a ḟeasa do ḃeiṫ agad cionnas as cóir ḋuit ṫú féin diomċar a dtiġ Dé, eaḋon eagluis Dé ḃí, posda agus daingean na fírinne. 16Agus gan aṁarus as mór seicréod na díaġaċda: Do rinneaḋ Día follas sa ccoluinn, do foillsiġeaḋ é na ḟiréun sam Sbioruid: do ċonncas é ré haingliḃ, do rinneaḋ a ṡéanmóir do na Cineaḋaċuiḃ, do ċreideaḋ ḋó sa tsáoġal, agus do gaḃaḋ súas ċum glóire é.

Currently Selected:

I Timóteuis 3: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in