YouVersion Logo
Search Icon

I Timóteuis 5

5
Caibidil V
Móḋ ṫaḃarta na naċṁasan: 3 onóir fós is cuḃaiḋ do ḃáintreaḃaċaiḃ díaḋa, 17 agus do Ṡinnsearaiḃ na Heagluise.
1Na himḋearg seanóir, aċd teaguisg é mar aṫair; agus na hogánuiġ mar ḋearḃráiṫre; 2Na mná áosda mar ṁáiṫre, agus na mná óga mar ḋeirḃṡeaṫraċa, maille ris a nuile ḟíorġloine. 3Taḃair onóir do ḃainteaḃaċuiḃ noċ atá na mbaintreaḃaċa ḋá ríriḃ. 4Giḋeaḋ má tá baintreaḃaċ ar biṫ agá ḃfuil clann no clan ċloinne, déunuidís fóġluim ar tús ar íad féin ṫaisbéunaḋ go díaġa ann a dtíġṫiḃ féin, agus ar ṁálairt do ṫáḃairt dá dtuismiġṫeóiriḃ: óir ís ní maiṫ geanaṁuil so a ḃfíaḋnuisi Dé. 5Agus an ḃean atá na baintreaḃuiġ ḋá ríriḃ, agus ar na fagḃáil na háonar, cuíriḋ sí a muiniġin a Ndía, agus coṁnuiḋe sí do ló agus doiḋċe a nguiḋe agus núrnuiġiḃ. 6Aċd an ḃaintreaḃaċ do ḃeir í féin do ṁacnus air mbeiṫ ḋí beó atá sí marḃ. 7Uime sin áiṫin na neiṫese ḋíoḃ, ionnus go mbeidís neaṁloċdaċ. 8Agus má atá aonduine náċ déun soláṫar dá ḋáoiniḃ féin, agus go mórṁór do luċd a ṫíġe, do ṡéun sé an creideaṁ, agus is measa é ná neaċ gan ċreideaṁ. 9Toġṫar baintreaḃaċ naċ bí ní sa luġa ná trí fiċid blaiḋan dáois, do ḃí na mnáoi éinḟir. 10Ar a raiḃ teisd ṁaiṫ as a deaġoibriġṫiḃ, má ġlac sí dáoine air aoiḋeaċd, má dionnuil sí cosa na náoṁ, má ṫug sí fóiriġṫin do luċd anṡoiġ, má lean sí do ġnáṫ gaċ déaġobair. 11Aċd diúltuiġ na bainteaḃaċá óga: óir ar mbeiṫ ḋoíḃ macnasaċ a naġuiġ Ċríosd, is mían ríu pósaḋ; 12Agá ḃfuil damnuġaḋ na gcionn, do ḃríġ gur ṫréigeadar an céud ċreideaṁ. 13Agus fós ar mbeiṫ ḋóiḃ díoṁáoin, fóġlumuid síad dul fá gcúairt ó ṫiġ go tíġ; agus ni hé aṁáin ḃeiṫ díoṁáoin, aċd bíodánaċ mar an gcéudna agus dá sáṫaḋ féin sna neiṫiḃ naċ beanann ríu, ag ráḋ neiṫeann naċ bí ionnráiḋ. 14Uime sin as toil leam na mná óga fir do ṗósaḋ, clan do ḃreiṫ, aire do ṫaḃairt do ġnoṫuiġiḃ an tíġe, agus gan cionfáṫa ar biṫ do ṫaḃairt do náiḋḃerseóir ré laḃairt go holc. 15Oír do ḟilleadar dream áiriġe ċeana ar a nais a ndiáiġ Ṡatáin. 16Má atá fear nó bean don druing ċreideas agá ḃfuilid baintreaḃaċa, tugaidís ḋóiḃ fóiriġin a ríaċdanuis, agus ná bíoḋ a muiriġin ar a neagluis; ionnus go mbíaḋ go lór aice ré ṫaḃairt do na fíoḃaintreaḃaċuiḃ.
17Na sinnsir ríaġluiġeas go maiṫ, bíoḋ meas orrṫa gur fíu onóir ḋúbalta íad, go mórṁór an luċd ṡáoṫruiġeas sa mbréiṫir agus a dteagusg. 18Oír a deir an sgriobtúir, Ná cuir ceangal ar ḃéul an daiṁ ḃrisios an tarḃar. Agus, As fíu an toibriġe lúaċ a ṡáoṫair. 19Ná gaḃ casáoid a naġuiḋ ṡeanóra, gan fíaḋnuisi deisi nó trír. 20An dream ṗeacuiḋeas imḋearg íad a ḃfíaḋnuisi ċáiċ uile, ionnus go ngéuḃaḋ eagla an ċuid eile mar an gcéudna. 21Cuírim dúalaċ ort a ḃfíaḋnuisi Dé, agus an Tíġearna Iósa Criósd, agus na naingeal toġṫa, na neiṫese ċoiméud gan suim do ḃeiṫ agad a neaċ seaċ ar oile, gan ní ar biṫ ḋéunaṁ ḋuit go cláon. 22Ná cuir láṁa go hobann ar áoinneaċ, agus ná bí pártaċ ré péacuiġiḃ ḋáoineaḋ eile: connaiṁ ṫú féin glan. 23Ná híḃ uisge ní sa ṁó, aċd cleaċd beagan fíona ar son do ġaile agus héugcruás minic. 24Bód peacuiġe ḋáoineaḋ airiġe follas roiṁ láiṁ, ag dul rompa ċum breiṫeaṁnuis; agus leanuid a peacuiḋ dream eile. 25Mar an gcéudna fós bíd deaġoibre follas roiṁ láiṁ; agus na hoibreaċa átá ar ġléus eile ní féidir a ḃfolaċ.

Currently Selected:

I Timóteuis 5: BedellG

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in