YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 87

87
Salm 87.
Fundamenta ejus.
1Is Ar na cnoic naofa a bunaíoḋ é: is fearr leis an Tiarna geataí Ṡíóin ná a ḃfuil de árais ag Iácób.
2Níl ní dá ḟeaḃas: naċ ndeirtear fút, a ċaṫair Ḋé.
3Beiḋ an Éigipt agus Baibilón á lua agam: ar an dream a ḃfuil aiṫne acu orm.
4Siúd na Filistíniġ fós, agus muintir Ṫiorra, agus clann na Múraċ: beifear á n‑áireaṁ lenar rugaḋ i Síón.
5Beifear á lua le Síón, gur rugaḋ seo agus siúd inti: agus beiḋ an Té is Airde ag neartú léi.
6Beiḋ an Tiarna ag meas, nuair a scríoḃas sé na ciníoċa síos: gur i Síón a rugaḋ gaċ duine acu.
7Freagróiḋ na cantairí agus luċt séidte na stoc: Níl tobar fuaráin agam naċ ḃfuil ionat.

Currently Selected:

Na Sailm 87: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 87