YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 88

88
Salm 88.
Domine Deus.
1A Ṫiarna Dia mo ṡlánaiṫe, ḃínn ag glaoċ lá agus oíċe os do ċoinne: tagaḋ mʼurnaí isteaċ i do láṫair, claon do ċluas ċun mo scairte.
2Óir bíonn mʼanam lán de ḃuaireaṁ: agus bíonn mo ḃeaṫa ag druidim leis an uaiġ.
3Bítear do mo ṁeas ar an dream a ṫéas síos sa ṗoll: ḃínn i mo ḋuine gan lúṫ gan láṫair.
4Scaoilte i measc na marḃ, mar an dream atá ina luí san uaiġ agus a ngoin orṫu: a ċuaiġ as cuiṁne, agus a scaraḋ de do láiṁ.
5Ċuir tú mé sa ṗoll is íoċtaraí: in áit an dorċadais agus sa doiṁneaċt.
6Is trom a luíonn do ḋíḃeirg orm: táim buarṫa agat le do ḋoineanna go léir.
7Ċuir tú mo luċt aiṫeantais i ḃfad uaim: agus ṫug tú orṫu fuaṫ a ḃeiṫ acu orm.
8Táim ċoṁ dúnta sa ṗríosún: naċ féidir liom a ḟágáil.
9Bíonn aṁarc mo ṡúl ag meaṫ le tréan buarṫa: a Ṫiarna, nár ġlaoiġ mé ort gaċ lá, nár ṡín mé mo láṁa ċugat?
10An dtaispeánann tú iontais i measc na marḃ: an éireoiḋ na marḃáin arís, nó an molfaiḋ siad ṫú?
11An dtaispeánfar do ċarṫanaċt ġráṁar san uaiġ: nó an noċtfar do ḋílseaċt i lár an léirscriosta?
12An aiṫneofar dʼoibreaċa iontaċa sa dorċadas: nó an aiṫneofar dʼḟíréantaċt i dtir na ndearmad?
13Is ċugat a ġlaoiġ mé, a Ṫiarna: is moċ a ṫiocfaiḋ mo ġuí i do láṫair.
14A Ṫiarna, cad ċuige a mbíonn gráin agat ar mʼanam: cad ċuige a gceileann tú do ġnúis orm?
15Táim faoi ġruaim, bím mar an té atá ag saoṫrú báis: óm óige i leiṫ ṫaḃaíoḋ dʼuafás intinn ḃuarṫa dom.
16Bíonn do ḋíḃeirg ḟíoċṁar ag dul ṫaram: agus tá mʼeagla roṁat do mo ṁilleaḋ.
17Ċuadar ṫaram gaċ lá mar uisce: ṫimpeallaíodar le ċéile mé ar gaċ taoḃ.
18Ċuir tú mo luċt cumainn agus mo ċairde uaim: agus dʼḟolaiġ tú mo luċt aiṫeantais ó aṁarc mo ṡúl.

Currently Selected:

Na Sailm 88: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 88