Na Sailm 86
86
Salm 86.
Inclina, Domine.
1Claon anuas, a Ṫiarna, do ċluas, agus éist liom: ó táim i mboċtanas agus i mbuaireaṁ.
2Cuṁdaiġ mʼanam, ós naofa mé: saoraḋ mo Ḋia a ṡeirḃíseaċ, a ċuireas a ṁuinín ionat.
3Bí trócaireaċ dom, a Ṫiarna: óir glaofaiḋ mé ort gaċ lá.
4Taḃair sólás dʼanam do ṡeirḃísiġ: óir is ċugat, a Ṫiar na, a ardaím mʼanam.
5Óir bíonn tú maiṫ, a Ṫiarna, agus carṫanaċ: agus mórṫrócaireaċ lena nglaonn ort.
6Taḃair cluas, a Ṫiarna, dom urnaí: taḃair aire dom aċainíoċa uṁla atá á rá os ard.
7Is ort a ġlaofas mé in am mo ḃuarṫa: ó ṫugann tú éisteaċt dom.
8Níl do leiṫéid ann i measc na ndéiṫe, a Ṫiarna: ná níl sé ann a ḋéanfaḋ do ġníoṁarṫa.
9Tiocfaiḋ gaċ cine dá ndearna tú dod aḋraḋ, a Ṫiarna: agus taḃarfaiḋ siad glóir dod Ainm.
10Óir is tú tá mór, agus is iontaċ do ġníoṁarṫa: is tú aṁáin is Dia ann.
11Múin do ṡlí dom, a Ṫiarna, agus siúlfaiḋ mé id ḟírinne: snaiḋm mo ċroí duit féin, go raiḃ eagla orm roiṁ dʼAinm.
12Taḃarfaiḋ mé buíoċas duit, mo Ṫiarna Dia, ó iomlán mo ċroí: agus molfaiḋ mé dʼAinm go deo.
13Óir is mór a ḃíos do ṫrócai re orm: agus tá mʼanam fuascailte agat ó ḟíoríoċtar ifrinn.
14A Ḋia, tá drong an díomais i ndiaiḋ éir í im aġaiḋ: agus ċuaiġ buíonta de luċt na láiṁe láidre ar ṫóir mʼanma, gan tusa a ṫeaċt os coinne a súl.
15Aċ is tú, a Ṫiarna, a ḃíos lán de ṫrua agus de ṫrócaire: is fadḟulangaċ tú, agus is fairsing do ṁaiṫeas agus dʼḟírinne.
16Fill orm mar sin, agus déan trócaire orm: taḃair do ċuṁaċt do do ṡeirḃíseaċ, agus cuidiġ le mac do ċuṁaile.
17Taispeáin orm dea‑ċoṁarṫa éigin, go ḃfeice luċt mʼḟuaṫa é, agus go raiḃ náire orṫu: de ḃrí gur tú, a Ṫiarna, a ṫug tarrṫáil dom agus a ċuir sólás orm.
Currently Selected:
Na Sailm 86: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965