YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 80

80
Salm 80.
Qui regis Israel.
1Éist, a Aoire Iosrael, a ṫreoraíos Iósaf mar ṫréad: taispeáin ṫú féin freisin, ó ṡuíonn tú ar na Cearúibím.
2Os coṁair Eṗráím, Beniamín, agus Manasses: múscail do ċuṁaċta, agus tar do ċur tarrṫála orainn.
3Iompaiġ sinn arís, a Ḋia: noċt solas do ġnúise, agus slánófar sinn.
4A Ṫiarna Dia na slua: ca ḟad a ḃeiḋ fearg ort le do ṗobal, agus iad ag guí?
5Beaṫaíonn tú iad le harán na ndeor: agus tugann tú an iomad deor dóiḃ le hól.
6Tá áḃar imreasáin déanta agat dínn dár gcoṁarsana: agus is díṁeasúil a ḃíonn ár naiṁde ag magaḋ fúinn.
7Taḃair orainn filleaḋ arís, a Ṫiarna Dia na slua: taispeáin solas do ġnúise, agus slánófar sinn.
8Ṫug tú an ċraoḃ ḟíniúna amaċ as an Éigipt: ċaiṫ tú amaċ na págánaiġ, go ndearna tú í a ṗlandáil.
9Réitiġ tú an bealaċ roimpi: agus nuair a ċuir sí a fréaṁaċa síos, líon sí an tír.
10Ḃí na cnoic cuṁdaiṫe lena scáil: agus ḃí a géaga mar ċrainn ḃreáṫa céadrais.
11Ṡín sí a craoḃaċa ċun na farraige: agus a géaga ċun na haḃann.
12Cad ċuige ar leag tú a claí: go mbíonn luċt siúil an ḃóṫair ag baint a caor fíniúna?
13Bíonn torc allta na coille á toċailt: agus beiṫíġ allta an ṁaċaire á hiṫe.
14Fill orainn arís, a Ṫiarna na slua, féaċ anuas ó neaṁ: taḃair aṁarc agus cuairt ar an gcraoḃ fíniúna seo;
15Agus dála ionaid an ḟíonġoirt a cuireaḋ le do láiṁ ḋeas: agus dála na géige a rinne tú ċoṁ láidir sin duit féin.
16Dóḋ le tine í, agus gearraḋ anuas í: agus tugann bagairt do ġnúise a mbás siúd.
17Beireaḋ do láṁ ar ḟear do láiṁe deise: agus ar ṁac an duine, a rinne tú ċoṁ láidir sin duit féin.
18Má ḋéanann tú aṁlaiḋ, ní raċaimid ar gcúl uait: lig ár mbeo linn, agus glaofaimid ar dʼAinm.
19Taḃair orainn filleaḋ arís, a Ṫiarna Dia na slua: taispeáin solas do ġnúise, agus slánófar sinn.

Currently Selected:

Na Sailm 80: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 80