YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 81

81
Salm 81.
Exultate Deo.
1Canaimis go meiḋreaċ do Ḋia, ár gcuṁaċt: tógaigí gáir lúċáire roiṁ Dia Iácóib.
2Tógaigí an salm, ċugainn an tiompán: an ċaoinċruit agus an liúit.
3Séidigí stoc in am na gealaí nua: san am atá ainmniṫe dúinn le féile sollúnta.
4Óir cuireaḋ sin i ḃfeiḋm mar reaċt dʼIosrael: agus mar ḋlí de ḋlíṫe Dé Iácóib.
5Dʼordaiġ sé sin mar ḟianai sé in Iósaf: nuair a ṫáinig sé as tír na hÉigipte, inar ċuala sé canúint ċoiṁṫíoċ.
6Ṫug mé faoiseaṁ dá ġualainn ó iompar ualaċ: agus fuasclaíoḋ a láṁa ó ḃeiṫ ag déanaṁ soiṫeaċ.
7Ġlaoiġ tú orm i do ḃuarṫa, agus dʼḟuascail mé tú: agus dʼéist mé leat nuair a luiġ an doineann ort.
8Oʼḟéaċ mé ṫú fós: ag uis cí an imreasáin;
9Á rá, Éistigí, a ṗobail liom, agus taḃarfaiḋ mé mo ḋeiṁin air daoiḃ: a Iosrael, má ṫugann tú cluas dom,
10Dia coiṁṫíoċ ní ḃeiḋ eadraiḃ: ná ní aḋarfaiḋ siḃ dʼaon Dia eile.
11Is mé do Ṫiarna Dia, a ṫug amaċ as tír na hÉi gipte tú: foscail do ḃéal go fairsing, agus is mé a líonfas é.
12Aċ níorḃ áil le mo ṗobal éisteaċt le mo ġlór: níor ṫoil le hIosra el uṁlú dom.
13Dá ḃrí sin, scaoil mé iad le mianta a gcroí féin: agus lig mé dóiḃ leanúint dar saṁlaíoḋ dóiḃ féin.
14Nár ṫrua nár éist mo ṗobal liom: óir dá mbʼáil le hIosra el siúl i mo ṡlite,
15Ba ġairid go mbeaḋ a naiṁde curṫa faoi ċois agam: agus dʼiompóinn mo láṁ ar a n‑eascairde.
16Ḃeaḋ luċt fuaṫa an Tiarna ag uṁlú roiṁe: aċ ṁairfeaḋ a seal siúd go deo.
17Ḃeaṫóḋ sé iad le snua gaċ gráinne: agus ṡásóinn ṫú le mil as an gcarraig ċloiċe.

Currently Selected:

Na Sailm 81: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 81