Na Sailm 79
79
Salm 79.
Deus, venerunt.
1A Ḋia, tá na págánaiġ i ndiaiḋ teaċt isteaċ id oiḋreaċt: tá do ṫeampall naofa truailliṫe acu, agus carn cloċ déanta acu de Iarúsalem.
2Tá coirp ṁarḃa do ṡeirḃíseaċ tugṫa acu mar ḃia do éin an aeir: agus feoil do naoṁ do ḃeiṫíġ allta na tíre.
3Tá a ḃfuil doirtiṫe acu mar uisce ar gaċ taoḃ de Iarúsalem: agus gan duine ann lena gcur san uaiġ.
4Rinneaḋ náire os ard dínn dár naiṁde: táimid mar ḋíṁeas agus mar áḃar gáire ag a mbíonn már dtimpeall.
5A Ṫiarna, ca ḟad a ḃeiḋ fearg ort: an ndóifiḋ dʼéad mar ṫine go deo?
6Doirt amaċ dʼḟearg ar na págánaiġ nár aiṫin tú: agus ar na ríoċt a nár ġlaoiġ ar dʼAinm.
7Óir tá Iácób slogṫa acu: agus fásaċ déanta acu dá áit ċónaiṫe.
8Ná cuiṁniġ ar ár seanṗeacaí, aċ déan trócaire orainn in aiciorraċt: óir táimid in umar na haimiléise.
9Cuidiġ linn, a Ḋia ár slánaiṫe, as uċt glóire dʼAinme: fuascail sinn, agus bí trócaireaċ dár bpeacaí, as uċt dʼAinm.
10Cad ċuige a ndeireann na págánaiġ: Cá ḃfuil a nDia siúd anois?
11Ná bíoḋ fuil do ṡeirḃíseaċ a doirteaḋ gan éiric: á baint amaċ go follas i measc na bpágánaċ, agus sinne á ḟéaċaint.
12Tagaḋ osnaí bróin na bpríosúnaċ i do láṫair: de réir méid do ċuṁaċta, saor an dream a ḃfuil an bás i ndán dóiḃ.
13Agus an aiṫis a ṫug ár gcoṁarsana duit: cúitiġ leo í, a Ṫiarna, faoi ṡeaċt isteaċ ina mbrollaċ.
14Is aṁlaiḋ a ḃeiḋ sinne, do ṗobal, caoiriġ do ṗáirce, ag taḃairt buíoċais leat go deo: agus beimid do do ṁolaḋ os ard ó ġlúin go glúin.
Currently Selected:
Na Sailm 79: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965