Na Sailm 78
78
Salm 78.
Attendite, popule.
1Éistigí le mo ḋlí, a ṗobail liom: claonaigí ḃur gcluasa do ḃriaṫra mo ḃéil.
2Fosclóiḋ mé mo ḃéal i ḃfáiṫscéal: foilseoiḋ mé seanráite ársa.
3A ċualamar agus ar ar ċuireamar eolas: agus a dʼinis ár n‑aiṫreaċa dúinn:
4Ionas naċ gceilfimis iad ar ċlann na nglún a ṫiocfas: aċ ag foilsiú onóra an Tiarna, agus na hoibreaċa móra iontaċa atá déanta aige.
5Rinne sé conraḋ le Iácób, agus ṫug sé dlí dʼIosrael: agus dʼordaiġ sé dár n‑aiṫreaċa a ṫeagasc dá gclann.
6Go mbʼḟeasaċ é dá slioċt: agus don ċlann nár saolaíoḋ go fóill;
7Ar ṁoḋ nuair dʼḟásfaidís aníos: go dtaispeánfaidís é dá gclann;
8Ionas go gcuirfidís a ndóċas i nDia: agus gan oibreaċa Dé a ḋearmad, aċ a aiṫeanta a ċoṁlíonaḋ;
9Agus gan ḃeiṫ mar a sinsear, a ḃí ina nglúin ṁíḋílis, ċruaṁuincálaċ: glúin nár ṡuiġ a gcroí mar ba ċeart, agus nár ċloiġ a sprid go buan le Dia.
10Mar ċlann Eṗráím: a ḃí in éide caṫa, ag iompar boġanna, agus a ṫiontaiġ a gcúl i lá an ċaṫa.
11Níor ċoinníodar conraḋ Dé: níor ṫoilíodar siúl de réir a ḋlí;
12Aċ ḋearmaid siad a ndearna sé: agus na hoibreaċa iontaċa a ṫaispeáin sé ar a son.
13Rinne sé niṫe iontaċa i súile ár sinsir, i dtír na hÉigipte: i maċaire Ṡóáin.
14Rinne sé ḋá leaṫ den ḟarraige, gur lig dóiḃ dul eatarṫu: ċuir sé na huiscí ina seasaṁ ina gcarn.
15Ṫreoraiġ sé iad le néal i riṫ an lae: agus ar fuaid na hoiċe le solas tine.
16Scoilt sé cloċa crua an ḟásaiġ: gur ṫug sé dóiḃ le hól astu, mar ḃeaḋ as an doiṁneaċt ṁór.
17Ṫug sé uiscí as an gcarraig ċloiċe: gur sciord siad amaċ mar na haiḃneaċa.
18Aċ i ndiaiḋ ar ṫarla ba ṁó a ṗeacaíodar ina éadan: ag cur caṫuiṫe san ḟásaċ ar an Té is Airde.
19Ċuireadar caṫuiṫe ar Ḋia ina gcroí: agus dʼiarradar a mian den ḃia.
20Laḃraíodar fós in aġaiḋ Dé, á rá: An ḃfeisteoiḋ Dia clár san ḟásaċ?
21Is fíor gur ḃuail sé an ċarraig ċloiċe, gur sciord na huiscí amaċ, agus gur riṫ na sruṫanna aisti: aċ an féidir leis fós arán a ṫaḃairt, nó feoil a ṡoláṫar dá ṗobal?
22Nuair a ċuala Dia sin ḃí fearg air: gur fadaíoḋ tine in Iácób, agus gur éiriġ tromḋíḃeirg in aġaiḋ Iosrael;
23De ḃrí nár ċreideadar i nDia: agus nár ċuireadar a ndóċas ina ċuidiú.
24Ní lúide dʼordaiġ sé do na néalta in airde: agus dʼoscail sé doirse neiṁe.
25Dʼḟear sé fós manna anuas orṫu le hiṫe: agus ṫug sé bia ó neaṁ dóiḃ.
26Is aṁlaiḋ dʼiṫ an duine bia na n‑aingeal: óir ċuir sé ċucu a ndíol bia.
27Ḋúisiġ sé an ġaoṫ anoir faoi neaṁ: agus trína ċuṁaċta ṫug sé isteaċ an ġaoṫ aniar aneas.
28Dʼḟear sé feoil orṫu ċoṁ tiuḃ leis an luaiṫ: agus éin faoi ċleite mar ġaineaṁ na farraige.
29Lig sé anuas i measc a bpailliún é: mórṫimpeall a n‑áitreaḃ.
30Dʼiṫeadar agus ḃí a ndóṫain acu mar sin; ó ṫug sé ar ṡantaíodar dóiḃ: ní raḃadar gan a mian a ḟáil.
31Aċ ṫáinig tromḋíḃeirg Dé orṫu agus an bia ina mbéal go fóill, gur ṁaraiġ sé an ṁéid ab acṁainní orṫu: ṁaraiġ go deiṁin, agus ċuir sé toġa fear Iosrael ar lár.
32Aċ i ndiaiḋ ar ṫarla ba ṁóide a ṗeacaíodar: agus níor ċreideadar dá oibreaċa iontaċa.
33Mar sin ċaiṫ sé a laeṫanta i ndíoṁaointeas: agus a mblianta i mbuaireaṁ.
34Nuair a ṁaraiġ sé iad, ċuadar á iarraiḋ: dʼiompaíodar go luaṫ, agus dʼḟiafraíodar faoi Ḋia.
35Agus ċuiṁníodar gurḃ é Dia a gcuṁaċt: agus gurḃ é an Dia is Airde a ḃfuascailteoir.
36Ina ḋiaiḋ sin, ní raḃadar aċ á ṁeallaḋ lena mbéal: agus ag cur cluana air lena dteanga.
37Óir níorḃ é ar fad a ḃí in aice lena gcroí: agus níor leanadar go buanseasṁaċ dá ċonraḋ.
38Aċ ḃí sé ċoṁ trócaireaċ agus gur ṁaiṫ sé a míġníoṁarṫa dóiḃ: agus níor scrios sé iad.
39Is iomaí uair, go deiṁin, a lig sé a ḟearg ṫairis: agus nár lig sé dʼiomlán a ḋíḃeirge éirí.
40Óir smaoiniġ sé naċ raiḃ iontu aċ feoil: agus naċ raḃadar aċ mar ṡéideán gaoiṫe a ṫéann ṫairis, agus naċ ḃfilleann arís.
41Ba ṁinic a ċuireadar caṫuiṫe air san ḟásaċ: agus a ċrádar é sa tír ḟiáin.
42Ṫiontaíodar ar gcúl, agus ċuireadar caṫú ar Ḋia: agus corraí ar an Té is Naofa in Iosrael.
43Níor ċuiṁníodar ar a láiṁ: ná ar an lá a dʼḟuascail sé iad as láiṁ an naṁad;
44Mar a rinne sé a ṁíorúiltí in Éigipt: agus a ḟearta i maċaire Ṡóáin.
45Rinne sé fuil dá n‑uiscí: ionas nárḃ ḟéidir leo ól as na haiḃneaċa.
46Ċuir sé na cuileoga isteaċ ina measc, á n‑iṫe suas: agus na loscainn a scriosfaḋ iad.
47Ṫug sé a dtoraḋ don ṗéist ċapaill: agus a gcuraíoċt don dreolán teaspaiġ.
48Scrios sé a gcraoḃaċa fíniúna le cloċa sneaċta: agus a gcrainn ṁaoildearga leis an sioc.
49Agus ḃuail sé a n‑eallaċ le cloċa sneaċta: agus a gcaoiriġ le caorṫa tine.
50Lig sé amaċ dásaċt a ḟeirge ina mullaċ, díḃeirg agus confaḋ agus buaireaṁ: agus ċuir sé droċ‑aingil isteaċ ina measc.
51Scaoil sé an srian lena ḋíḃeirg, agus níor lig sé lena n‑anam iad: aċ scaoil sé a n‑anam leis an bplá.
52Agus ḃuail sé gaċ céadġin clainne san Éigipt: an drong ab airde agus ab acṁainní i dtiṫe Ċam.
53Aċ i dtaoḃ a ṁuintire féin de, ṡeol sé amaċ iad mar ċaoiriġ: agus ṫug sé tríd an ḃfásaċ iad mar ṫréad.
54Ṫug sé amaċ slán iad, ionas naċ raiḃ áḃar eagla acu: agus ḃáiġ sé a naiṁde faoin ḃfarraige.
55Agus ṫug sé iad idir ṫeorainn a ṡanctóra: go dtí an sliaḃ a ċeannaiġ sé lena láiṁ ḋeas.
56Ċaiṫ sé amaċ na págánaiġ rompu: agus rinne sé an tír a roinnt eatarṫu mar oiḋreaċt, agus ṫug sé ar ṫreiḃeanna Iosrael cur fúṫu ina bpubaill.
57Aċ dá ainneoin sin ċuireadar caṫú agus míṫaitneaṁ ar an Dia is Airde: agus níor ċoinníodar a ḟianaisí;
58Aċ ṫugadar a gcúl leis, agus ṫréigeadar é mar a rinne a sinsear: ag dul i leataoḃ mar ḃoġa briste.
59Óir ċrádar é le haltóra ar ċnoic: agus ġríosaíodar ċun díḃeirge é lena n‑íoṁánna.
60Nuair a ċuala Dia sin, ḃí fearg air: agus ġlac sé mórḋíḃeirg le hIosrael.
61Ionas gur ṫréig sé an tabarnacal i Síló: an puball a ḃí curṫa aige i measc na ndaoine.
62Scaoil sé a ċuṁaċt ċun broide: agus a ġlóir i láiṁ an naṁad.
63Scaoil sé a ṗobal le béal an ċlaíṁ: agus ḃí fearg air lena oiḋreaċt.
64Dʼídiġ an tine a ḃfir óga: agus ní dearnaḋ cleaṁnasa dá maiġoeana.
65Maraíoḋ a sagairt leis an gclaíoṁ: agus ní raiḃ na baintreaċa ann a ċuirfeaḋ cluiċe caointe.
66Ba ansin a ḋúisiġ an Tiarna mar ḋúisíonn duine as a ċodlaḋ: agus mar ḟaṫaċ a dtug an fíon croí dó.
67Ṫiomáin sé a naiṁde ar gcúl: agus dʼḟág sé náire ḃuan orṫu.
68Ḋiúltaiġ sé do ṫabarnacal Iósaif: agus níor ṫoġ sé treiḃ Eṗráím;
69Aċ ṫoġ sé treiḃ Iúda: mar tá Sliaḃ Ṡíóin dá dtug sé a ġrá.
70Agus ṫóg sé ansin a ṫeampall in airde: agus leag sé a ḃun mar an talaṁ a ḃunaiġ sé go buan.
71Ṫoġ sé Dáiḃí a ṡeirḃíseaċ: agus ṫug sé é óna banraċa.
72Ġlac sé é, agus é i ndiaiḋ na gcaoraċ trom uan: ionas go mbeaṫóḋ sé Iácób a ṗobal, agus Iosrael a oiḋreaċt.
73Dá ḃrí sin ḃeaṫaiġ sé iad le croí dílis ḟíor: agus rialaiġ sé go céillí iad le hiomlán a ċuṁaċt.
Currently Selected:
Na Sailm 78: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965