YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 73

73
Salm 73.
Quam bonus Israel!
1Is fíorġráṁar Dia dʼIosrael: bíonn grá aige do luċt an ċroí ġlain.
2Ina ḋiaiḋ sin, is beag nár ṫit mé: is maiṫ nár sciorr mo ċosa as fúm.
3Agus cad ċuige? De ḃrí go raiḃ aiféala orm faoi na peacaiġ: agus as uċt an tséin a ċonaic mé ar luċt an oilc.
4Óir ní ṫagann baol an ḃáis orṫu: aċ bíonn siad go folláin láidir.
5Ní ṫiteann an mí‑áḋ orṫu, mar ṫiteann ar ḋaoine eile: ní ċuirtear an ṗlá orṫu mar ċuirtear ar na fir eile.
6Agus sin an fáṫ go mbeireann an díomas orṫu: agus go mbíonn siad lán de ṁíṫrócaire.
7Bíonn siad bolgṡúileaċ le tréan raiṁreaċta: agus ní ḋéanann siad aċ mar is mian leo.
8Bíonn siad mealltaċ diaṁaslaċ: laḃraíonn siad in aġaiḋ an Té is Airde.
9Síneann siad a mbéal i dtreo na neaṁ: agus imíonn a dteanga ar fuaid an talaiṁ.
10Ar an áḃar sin glacann na daoine a bpáirt: agus ní beag an tairḃe a ḃaineas siad as.
11Naċ cuma, adeir siad, conas a aireoḋ Dia é: an ḃfuil eolas ag an Té is Airde?
12Féaċ, siúd mar ḃíonn luċt an oile: bíonn a leiṫéidí faoi raṫ sa doṁan, agus seilḃ acu ar saiḃreas.
13Agus dúirt mé, má tá an scéal aṁlaiḋ, is díoṁaoin a ġlan mé mo ċroí: agus a niġ mé mo láṁa i neaṁċiontaċt.
14Ḃítí do mo ṗianaḋ i riṫ an lae: agus cuirtí smaċt orm gaċ maidin.
15Is ea, is beag naċ ndúirt mé an rud a deir siad: aċ féaċ, dá ndéanainn, ḃeinn ag daoraḋ aicme do ċlainne féin.
16Smaoiniġ mé ansin ar sin a ṫuiscint: aċ ḃí sé róḋeacair dom.
17Go ndeaċaiġ mé isteaċ i sanctóir Dé: ba ansin a ṫuig mé críoċ déanaċ na ndaoine sin;
18Ṫuig mé conas a ċuireann tú in áiteanna sleaṁaine iad: agus mar ċuireann tú síos iad agus mar a scriosann tú iad.
19Naċ tobann a ċuirtear ar neaṁní iad: a ḋíláiṫrítear iad, agus a ṫéann siad ċun críċe uafásaí!
20Mar imíonn brionglóid le dúiseaċt: is aṁlaiḋ a ċuirfiḋ tú a n‑íoṁá ar ceal as an gcaṫair.
21Ba aṁlaiḋ a cráḋ mo ċroí: agus a ċuaiġ arraing trí mo lár.
22Ba aṁlaiḋ ḃí mé amaideaċ, aineolaċ: mar ainṁí éigéillí i do láṫair.
23Ina ḋiaiḋ sin, níl am naċ mbím i do ċoṁair: óir rug tú greim ar mo láiṁ ḋeas.
24Beiḋ tú do mo ṫreorú le coṁairle: agus do mo ġlacaḋ ċugat sa ġlóir ina ḋiaiḋ sin.
25Cé atá agam ar neaṁ aċ tú: agus ní ḃíonn dúil agam in aon neaċ dá ḃfuil ar talaṁ, nuair a cuirtear iad i gcosúlaċt leat.
26Tá mo ċolainn agus mo ċroí ag teaċt ċun críċe: aċ is é Dia cuṁaċt mo ċroí, is é mo ċuid é go síoraí.
27Óir féaċ, beiḋ an dream a ṫréigeas tú á scrios: ċuir tú ar neaṁní a ndearna stríopaċas id aġaiḋ.
28Aċ is é is fearr liomsa greim daingean doscaoilte ḃeiṫ agam ar Ḋia, agus mo ḋóċas a ċur sa Tiarna Dia: agus laḃairt i ngeataí iníne Ṡíóin ar dʼoibreaċa go léir.

Currently Selected:

Na Sailm 73: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in

Video for Na Sailm 73