YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 72

72
Salm 72.
Deus, judicium.
1Taḃair do ḃreiṫiúnais don rí, a Ḋia: agus taḃair dʼḟíréantaċt do ṁac an rí.
2Taḃarfaiḋ sé ansin ceartḃreiṫiúnas ar do ṗobal: agus cosnóiḋ sé na boċta.
3Beiḋ na sléiḃte fós ag taḃairt na síoċána: agus na cnocáin ag iompar na fíréantaċt a ċun an ṗobail.
4Taḃarfaiḋ sé a gceart do na daoine simplí: agus cosnóiḋ sé clann na mboċt, agus cuirfiḋ sé pionós ar an té ḋéanas an t‑olc.
5Beiḋ eagla orṫu roṁat, ċoṁ fada agus ḟanas grian agus gealaċ: ó ġlúin go ċéile.
6Tiocfaiḋ sé anuas mar ḟearṫainn ar an ḃféar gearrṫa: mar na braonta a ṡileas uisce ar an talaṁ.
7Lena linn beiḋ an fíréan faoi ḃláṫ: agus fós beiḋ an tsíoċáin fairsing, ċoinh fada is a ḟanas an ġealaċ.
8Beiḋ a réim ó ṁuir go muir: ón aḃainn ṁór go deireaḋ an doṁain.
9Beiḋ áitreaḃaiġ an ḟásaiġ ag uṁlú roiṁe: beiḋ a naiṁde ag lí na luaiṫe.
10Taḃarfaiḋ ríṫe Ṫairsis agus ríṫe na n‑oileán bronntanais: beiḋ ríṫe na hAráibe agus Sába ag iompar taḃartas.
11Beiḋ na ríṫe uile ag titim síos roiṁe: beiḋ na náisiúin go léir ag déanaṁ seirḃíse dó.
12Óir fuasclóiḋ sé an boċt nuair a ġlaos sé: agus an dearóil agus an té atá gan ċúntóir.
13Beiḋ sé go maiṫ don duine ṡimplí agus don dearóil: agus cuṁdóiḋ sé anamaċa na mboċt.
14Fuasclóiḋ sé a n‑anamaċa ón mbréag agus ón éagóir: agus is daor a ḃeiḋ a ḃfuil ina ṡúile.
15Mairfiḋ sé, agus beifear ag taḃairt cuid dʼór na hAráibe dó: beifear ag guí i gcónaí ar a ṡon, agus beifear á ḃeannú gaċ lá.
16Beiḋ cruaċ cruiṫneaċta ar an talaṁ, go hard ar na cnoic: beiḋ a ṫoraḋ ag creaṫaḋ mar Liaḃáin, agus beiḋ luċt na caṫraċ ag fás mar ḟéar ar ḋroim an talaiṁ.
17Mairfiḋ a Ainm go bráċ; fanfaiḋ a Ainm faoin ngrian idir na glúna a ṫiocfas: a dtiocfaiḋ beannaċt orṫu tríd; agus beiḋ na págánaiġ go léir á ṁolaḋ.
18Go mbeannaítear an Tiarna Dia, mar tá, Dia Iosrael: naċ mbíonn aċ é ag déanaṁ na n‑iontas;
19Agus go mbeannaítear go deo dʼAinm a ṁórgaċta: agus líontar an doṁan ar fad dá ṁórgaċt. Áiméan, Áiméan.

Currently Selected:

Na Sailm 72: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in