Na Sailm 74
74
Salm 74.
Ut quid, Deus?
1A Ḋia, cad ċuige a ḃfanann tú uainn ċoṁ fada sin: cad ċuige a ḃfuil do ḋíḃeirg ċoṁ te sin in aġaiḋ caoraċ do ṗáirce?
2Smaoiniġ ar do ċoṁṫionól: a ċeannaiġ tú, agus a dʼḟuascail tú fadó.
3Smaoiniġ ar ṫreiḃ dʼoiḋreaċta: agus ar ċnoc Ṡíóin ina mbíoḋ do ċónaí.
4Géaraiġ ar do ċoisíoċt, go scriosa tú ar fad gaċ naṁaid: dá ndearna olc i do ṡanctóir.
5Cuireann do naiṁde gáir astu i measc do ċoṁṫionól: agus cuireann siad a mbrataċa in airde mar ċoṁarṫaí.
6An té a ṡnoíoḋ aḋmad as crainn na coille: dʼḟaiġeaḋ sé clú agus cáil roiṁe sin ar a ealaín.
7Aċ anois tá an obair ġreanta á briseaḋ anuas acu: le tuanna agus le casúir.
8Ċuireadar dʼáiteanna naofa le tine: agus tá áit ċónaiṫe dʼAinm truailliṫe, leagṫa ċun talaiṁ acu.
9Is é rud a dúradar ina n‑intinn féin, scriosaimis ar fad iad le ċéile: is aṁlaiḋ loisceadar a ḃfuil de ṫiṫe Dé sa tír.
10Ní ḟeicimid ár gcoṁarṫaí, níl aon ḟáiḋ le fáil níos mó: níl, ná nil duine againn níos mó a ḃfuil tuiscint aige.
11A Ḋia, ca ḟad a ḃeiḋ an eascara ag cur míċlú ort: ca ḟad a ṁaslóiḋ an naṁaid dʼAinm, an go deo?
12Cad ċuige naċ gcuireann tú do láṁ isteaċ: cad ċuige naċ dtarraingíonn tú do láṁ ḋeas as dʼuċt go gcuire tú an naṁaid ar neaṁní?
13Óir is é Dia mo Rí le fada riaṁ: is é féin oibríos gaċ cúnaṁ dá ḃfaiġtear ar talaṁ.
14Rinne tú ḋá leaṫ den ḟarraige le do ċuṁaċt: ḃris tú cinn na ndragún san uisce.
15Ḃris tú cinn Leḃiatáin i mbloġanna: go dtug tú é mar ḃia do ḃeiṫíġ an ḟásaiġ.
16Ċuir tú toibreaċa agus uisce as na carraigeaċa crua: agus ṫriomaiġ tú uiscí móra.
17Is leat an lá, agus is leat an oíċe: is tú a dʼullṁaiġ an solas agus an ġrian.
18Is tú a ċuir críoċa uile an talaiṁ: is tú a rinne an saṁraḋ agus an geiṁreaḋ.
19Cuiṁniġ air seo, a Ṫiarna, conas a ṫug an naṁaid aċasán: agus a ṫug an ṁuintir amaideaċ masla dod Ainmse.
20Ná lig anam dʼḟéaráin le slua na naṁad: nárḃ iad do ḋearmad iad go deo coṁṫionól na mboċt.
21Féaċ ar an gconraḋ: óir tá an talaṁ uile lán de ḋorċadas, agus de ṫiṫe míṫrócaireaċa.
22Ná himíoḋ an duine simplí faoi náire: aċ bíoḋ an boċtán agus an dearóil ag taḃairt molta do dʼAinm.
23Éiriġ, a Ṫiarna, pléiġ do ċúis féin: cuiṁniġ ar an masla a ċuireas an duine amaideaċ ort gaċ lá.
24Ná déan dearmad de ġlór do naiṁde: tá díomas luċt dʼḟuaṫa ag síorṁéadú.
Currently Selected:
Na Sailm 74: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965