Na Sailm 63
63
Salm 63.
Deus, Deus meus.
1A Ḋia, is tú mo Ḋia: is luaṫ a raċaiḋ mé dod iarraiḋ.
2Tá dʼíota ar mʼanam, agus tá mʼḟeoil faoi ċuṁa i do ḋiaiḋ: i dtír ṫirim ṫur gan toraḋ gan tobar.
3Is aṁlaiḋ a ḃíoḋ mo ṡúil leat sa sanctóir: mar i ndúil is go ḃfeicfinn do ċuṁaċta is do ġlóir.
4Óir is fearr do ċarṫanaċt ġráṁar ná an ḃeaṫa féin: beiḋ mo ḃeola ag seinm do ṁolta.
5Le mo ṡaol beiḋ mé do do ṁóraḋ ar an moḋ sin: agus ardóiḋ mé mo láṁa i dʼAinm.
6Sásófar mʼanam, mar a ḃeaḋ le smior agus le saill: nuair a ṡeinnfeas mo ṫeanga do ṁolaḋ go binnḃéalaċ.
7Nár ċuiṁniġ mé ort i mo leaba luí: agus naċ ort a smaoiniġ mé agus mé i mo ḋúiseaċt?
8De ḃrí go mba tú mo ċúntóir: dá ḃrí sin beiḋ áṫas orm faoi scáṫ do sciaṫán.
9Tá mʼanam i do ṁuinín: ċosnaíoḋ do láṁ ḋeas mé.
10Aċ an dream a ḃios le haiṁleas mʼanama: raċaiḋ siad faoin gcré.
11Titfiḋ siad le béal an ċlaíṁ: déanfar bia sionnaċ dioḃ.
12Aċ beiḋ Dia mar ċúis lúċáire ag an rí; molfar an dream a ṫugann mar ṁionn é: óir dúnfar béal luċt inste na mbréag.
Currently Selected:
Na Sailm 63: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965