Na Sailm 62
62
Salm 62.
Nonne Deo?
1Is aṁlaiḋ bíonn mʼanam ag feiṫeaṁ go suaiṁneaċ ar Ḋia: ós uaiḋ ṫagann mo ṡlánú.
2Is é mo ċuṁaċt é agus mo ṡlánú i ḃfírinne: is é mo ḋídean é, go naċ baol dom mórṫitim.
3Ca ḟad a ḃeartóiḋ siḃ aiṁleas gaċ duine: marófar siḃ go dtí an duine deiriḋ; beiḋ siḃ go deiṁin mar ḃalla claon agus mar ḟál ḃearnaiṫe.
4Ní ḃeartaíonn siad aċ conas a ċuirfeas siad amaċ an té is toil le Dia a ardú: bíonn an dea‑ḟocal óna mbéal, agus an ṁallaċt óna gcroí.
5Nár ba lúide, a ṁʼanam, a ḃeifeá ag feiṫeaṁ go suaiṁneaċ ar Ḋia: ós as a ḃíos mo ḋóċas.
6Is é mo ċuṁaċt agus mo ṡlánú é i ḃfírinne: is é mo ḋídean é, go naċ baol dom titim.
7Is i nDia a ḃíos mo ṡláinte agus mo ġlóir: is é carraig mo ċuṁaċta é; agus is as Dia a ḃíos mo ḋóċas.
8Cuirigí ḃur ndóċas ann de ṡíor, a ḋaoine: doirtigí amaċ ina láṫair a mbíonn ar ḃur gcroí, ós é Dia ár ndóċas.
9Níl i gClann Áḋaiṁ aċ díoṁaointeas, is bréagaċ iad clann na ndaoine: nuair a ṫoṁaistear iad, is éadroime ar fad iad ná an díoṁaointeas féin.
10Ná taoḃaiġ leis an éagóir ná leis an ḃfoġlaíoċt, agus ná bígí tugṫa don díoṁaointeas: agus dá ṁéid í ḃur maoin, ná tugaigí ḃur gcroí di.
11Is é a dúirt Dia aon uair aṁáin, agus ċuala mé é á rá faoi ḋó: gur le Dia an ċuṁaċt.
12Agus gur trócaireaċ ṫú, a Ḋia: ó ṫugann tú luaíoċt do gaċ duine de réir a oibre.
Currently Selected:
Na Sailm 62: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965