Na Sailm 64
64
Salm 64.
Exaudi, Deus.
1Éist le mo ġlór, a Ḋia, im urnaí: cuṁdaiġ mo ḃeaṫa ó eagla mo naṁad.
2Folaiġ mé ón gcoṁṫionól claon: agus ó éirí amaċ luċt an oilc.
3A ċuir faoḃar ar a dteanga, mar ċlaíoṁ: agus a scaoileas a saiġeada, mar tá, focail scarḃa.
4Go scaoile siad os íseal leis an té tá foirfe: is tobann a ḃuaileas siad é, agus ní ḃíonn eagla orṫu.
5Bíonn siad á neartú féin ċun oilc: agus tráċtann siad le ċéile conas a ċuirfeas siad dola, agus deir siad naċ ḃfeicfiḋ aon duine iad.
6Bíonn urċóid acu á cumaḋ agus á cur i ngníoṁ: agus bíonn sé i moḋ rúin eatarṫu féin, gaċ duine i ndoiṁneaċt a ċroí.
7Aċ scaoilfiḋ Dia go tobann saiġead lúfar leo: ionas go ngoinfear iad.
8Go deiṁin, taḃarfaiḋ a dteangaċa féin orṫu titim: ionas go mbeiḋ an té a ḟeiceann iad ag fonóid fúṫu.
9Agus déarfaiḋ a ḃfeiceann iad, Gníoṁ Dé an gníoṁ seo: óir aiṫneoiḋ siad gurab i a obair í.
10Beiḋ an Tiarna mar áḃar lúċáire ag an bfíréan, agus is sa Tiarna a ċuirfeas sé a ḋóċas: agus beiḋ áṫas ar luċt an ċroí ḟír.
Currently Selected:
Na Sailm 64: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965