Bible App logo
Search Icon

Na Sailm 148

148
Salm 148.
Laudate Dominum.
1Molaigí an Tiarna ó neaṁ: molaigí é in ard na spéire.
2Molaigí é, a aingeala an Tiarna: molaḋ a ṡlua go huile é.
3Molaigí é, a ġrian agus a ġealaċ: molaigí é, a réalta uile ʼs a ṡolais.
4Molaigí é, a neaṁa uile: agus a uiscí a ḃíos os cionn na neaṁa;
5Molaidís Ainm an Tiarna: óir ní ḋearna sé aċ an focal a rá, go ndearnaḋ iad; dʼordaiġ sé, agus cruṫaíoḋ iad.
6Ḋaingniġ sé trí ṡaol na saol iad: ṫug sé dlí dóiḃ naċ sárófar.
7Molaigí an Tiarna ón talaṁ: a ḋragúna, agus a ḋoiṁneaċta uile;
8A ṫine agus a ċloċa sneaċta, a ṡneaċta agus a ċeo: a ġaoṫ agus a ḋoineann, a ċoṁlíonas a ḃriaṫar;
9A ṡléiḃte agus a ċnoic uile: a ċranna toraiḋ agus a ċéadrais;
10A ḃeiṫíġ agus a eallaiġ uile: a ċnuṁóga, agus a éin faoi ċleite.
11A ríṫe an doṁain, agus a ḋaoine uile: a ḟlaṫa agus a ḃreiṫiúna na cruinne;
12A ḟeara óga agus a ṁaiġdeana óga, a ḟeara liaṫa agus a leanaí, molaigí Ainm an Tiarna: óir ní feaḃas go dtí a Ainm, agus is airde a ṁolaḋ ná neaṁ agus talaṁ.
13Ardóiḋ sé beann a ṗobail; beiḋ a naoiṁ go léir á ṁolaḋ: beiḋ sé á ṁolaḋ ag clann Iosrael, ag an bpobal a ḃíos ag déanaṁ a ṡeirḃíse.

Currently Selected:

Na Sailm 148: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in