Bible App logo
Search Icon

Na Sailm 147

147
Salm 147.
Laudate Dominum.
1Molaigí an Tiarna, óir is maiṫ an ní é molaḋ ár nDé a ṡeinm: is áṫasaċ aoiḃinn an tréiṫ an buíoċas.
2Tógann an Tiarna Iarúsalem: agus cruinníonn sé deoraiṫe Iosrael le ċéile.
3Leiġeasann sé luċt an ċroí ḃriste: agus tugann sé cógaisí dóiḃ lena mbreoiteaċt a leiġeas.
4Coṁaireann sé uiṁir na réalt: agus glaonn sé orṫu go léir ina n‑ainmneaċa.
5Is mór ár nDia, agus is mór a ċuṁaċt: is ea, agus níl cuimse lena eagna.
6Ardaíonn an Tiarna na daoine ceansa: agus tugann sé luċt an oilc ċun talaiṁ.
7Canaigí don Tiarna le buíoċas: seinnigí molaḋ dár nDia ar an gcláirseaċ;
8A ċuṁdaíos na neaṁa le néalta, agus a ullṁaíos an ḟearṫainn le haġaiḋ an talaiṁ: agus a ṫugann ar an ḃféar fás faoi na sléiḃte, agus na luiḃeanna as a mbaineann na daoine úsáid;
9A ṫugann bia don eallaċ: agus a ḃeaṫaíos éin an ḟéiċ ḋuiḃ a ḃíos ag glaoċ air.
10Ní ḃíonn dúil aige i neart an eiċ: ná ní haoiḃinn leis cosa an duine.
11Aċ is iad is aoiḃinn leis an Tiarna, an dream a mbíonn a eagla orṫu: agus a ċuireas a ṁuinín ina ṫrócaire.
12Mol an Tiarna, a Iarúsalem: mol do Ḋia, a Ṡíóin.
13Óir ḋaingniġ sé sparraí do ġeataí: agus ḃeannaiġ sé do ċlann i do lár.
14Déanann sé an tsíoċáin i do ċríoċa: agus líonann sé ṫú de ṁin ċruiṫneaċta.
15Cuireann sé a aiṫne ar fuaid an talaiṁ: agus is lán lúfar a riṫeas a ḃriaṫar.
16Tugann sé an sneaċta mar olann: agus scaipeann sé an siocán bán mar luaiṫe.
17Caiṫeann sé amaċ a oiġreog mar ṁíreanna: cé a dʼḟéadfaḋ a ṡioc a ḟulaingt?
18Caiṫeann sé amaċ a ḃriaṫar, go leánn sé iad: séideann sé lena ġaoṫ, agus bíonn na huiscí ag sileaḋ.
19Noċt sé a ḃriaṫar do Iácób: a reaċta agus a orduiṫe dʼIosrael.
20Ní ḋearna sé aṁlaiḋ leis an dara cine: ná ní ḃíonn fios a ḋlíṫe ag na págánaiġ.

Currently Selected:

Na Sailm 147: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in