Bible App logo
Search Icon

Na Sailm 149

149
Salm 149.
Cantate Domino.
1Canaigí don Tiarna aṁrán úrnua: molaḋ coṁṫionól na naoṁ é.
2Bíoḋ a ċruṫaiṫeoir mar ċúis lúċáire ag Iosrael: agus a Rí mar áḃar áṫais ag clann Ṡíóin.
3Molaidís a Ainm sa daṁsa: seinnidís a ṁolaḋ leis an gcruit agus leis an gcláirseaċ.
4Óir bíonn dúil ag an Tiarna ina ṗobal: agus cuidíonn sé le luċt an ċroí ċeansa.
5Bíoḋ gairdeas agus glóir ar na naoiṁ: bíoḋ lúċáir orṫu ina leapaċa.
6Bíoḋ molaḋ Dé ina mbéal: agus claíoṁ an dá ḟaoḃar ina láṁa.
7Le díoltas a imirt ar na págánaiġ: agus le aċasán a ṫaḃairt do na ciníoċa;
8Lena ríṫe a ċeangal le slaḃraí: agus a uaisle le cuiḃreaċa iarainn;
9Le breiṫiúnas a ċur i ḃfeiḋm orṫu, mar tá scríofa: Is é a ḃíos de onóir ag a naoiṁ go léir.

Currently Selected:

Na Sailm 149: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in