Na Sailm 146
146
Salm 146.
Lauda, anima mea.
1Mol an Tiarna, a ṁʼanaṁ; ċoṁ fada agus mairim molfaiḋ mé an Tiarna: dá ḟad agus is ann dom seinnfiḋ mé molaḋ do mo Ḋia.
2Ná cuir ḃur muinín i ḃflaṫa, ná in aon duine den Áḋaṁċlann: óir ní cuidiú a gcuidiúsan.
3Óir nuair an ḟágas an anáil an duine bíonn sé ansin ag déanaṁ cré: agus téann a smaointe uile ar neaṁní.
4Is beannaiṫe a mbíonn Dia Iácóib aige mar ċaḃair: agus a mbíonn dóċas aige as a Ṫiarna Dia.
5A rinne neaṁ agus talaṁ, an ḟarraige, agus a ḃfuil inti: a ċoinníos a ġealltanas go deo.
6A ṫugann a gceart don dream a ḟulaingíos an éagóir: a ṫugann bia don ocraċ.
7Scaoileann an Tiarna na daoine as príosún: tugann an Tiarna an t‑aṁarc do na daill.
8Cuidíonn an Tiarna leis an drong a ṫiteas: tugann an Tiarna aire do na fíréin.
9Tugann an Tiarna aire do na coiṁṫíġ; cosnaíonn sé an dílleaċta agus an ḃaintreaċ: dála slí luċt na nduáilcí, iompaíonn sé bun os cionn í.
10Is é do Ṫiarna Dia, a Ṡíóin, is Rí ann go deo: agus ó ġlúin go ċéile.
Currently Selected:
Na Sailm 146: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965