Na Sailm 145
145
Salm 145.
Exaltabo te, Deus.
1Móróiḋ mé ṫú, a Ḋia, a Rí: agus seinnfiḋ mé molaḋ dʼAinm go saol na saol.
2Níl lá naċ dtaḃarfaiḋ mé buíoċas leat: agus seinnfiḋ mé molaḋ dʼAinm go saol na saol.
3Is mór an Tiarna, agus is iontaċ mar is fiú molaḋ é: níl críoċ lena ṁórgaċt.
4Beiḋ gaċ glúin ag molaḋ dʼoibreaċa dá ċéile: agus ag noċtaḋ do ċuṁaċta.
5Agus beiḋ mise ag cur síos ar do ċlú: ar do ġlóir, agus ar do ṁolaḋ, agus ar dʼoibreaċa iontaċa.
6Go raiḃ na daoine ag laḃairt ar ċuṁaċt do ġníoṁarṫa iontaċa: agus tráċtfaiḋ mise fós ar do ṁórgaċt.
7Taispeánfar cuiṁneaċán do ċarṫanaċta líonṁaire: agus beiḋ na daoine fós ag canaḋ faoi dʼḟíréantaċt.
8Is maiṫ agus is trócaireaċ an Tiarna: is fadḟoiġneaċ é agus is mór a ṁaiṫeas.
9Bíonn an Tiarna gráṁar le gaċ duine: agus bíonn a ṫrócaire os cionn a oibreaċa uile.
10Bíonn dʼoibreaċa uile do do ṁolaḋ, a Ṫiarna: agus bíonn do naoiṁ ag taḃairt buíoċais duit.
11Taispeánann siad glóir do ríoċta: agus cuireann siad síos ar do ċuṁaċt;
12Ionas go mbeiḋ a ḟios ag an saol: faoi do ċuṁaċt, agus faoi do ġlóir, agus faoi ṁórgaċt do ríoċta.
13Is ríoċt ṡíoraí do ríoċtsa: agus maireann do ṫiarnas go saol na saol.
14Tógann an Tiarna an dream a ṫiteas: agus ardaíonn sé an drong atá ina luí go híseal.
15Níl súil naċ ḃfuil ag feiṫeaṁ ort, a Ṫiarna: agus is tráṫúil a ṫugann tú a mbia dóiḃ.
16Osclaíonn tú do láṁ: agus níl ní dá maireann naċ líontar dedʼḟairsinge.
17Is fíréanta é an Tiarna ina ṡlite uile: agus is naofa é ina oibreaċa go léir.
18Is fogas an Tiarna don dream a ġlaos air: an ṁéid acu a ġlaos air go dlisteanaċ.
19Sásóiḋ sé mian na droinge a mbíonn a eagla orṫu: taḃarfaiḋ sé cluas dá nglaoċ, agus taḃarfaiḋ sé cuidiú dóiḃ.
20Cuṁdaíonn an Tiarna an dream a ġráíos é: aċ scaipeann sé an drong loċtaċ uaiḋ.
21Beiḋ mo ḃéal ag seinm molta an Tiarna: agus tugaḋ gaċ feoil buíoċas dá Ainm naofa go saol na saol.
Currently Selected:
Na Sailm 145: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965