Na Sailm 144
144
Salm 144.
Benedictus Dominus.
1Go mba ḃeannaiṫe an Tiarna mo ċuṁaċt: a ṁúineas an cogaḋ do mo láṁa, aʼs an caṫ do mo ṁéara;
2Mo ḋóċas agus mo ḋaingean, mo ċaisleán agus mʼḟuascailteoir, mo ċosantóir as a mbíonn mo ṁuinín: a smaċtaíos an ṁuintir atá faoi mo ċeannas.
3A Ṫiarna, cad is duine ann, go mbeaḋ an meas sin agat air: nó mac an duine go dtaḃarfá oiread airde air?
4Níl sa duine aċ neaṁní: scinneann a ṡeal ṫart mar scáil.
5Claon do neaṁa, a Ṫiarna, agus tar anuas: cuimil leis na sléiḃte, agus beiḋ toit astu.
6Caiṫ amaċ do splancaċa, agus réab iad: scaoil amaċ do ṡaiġeada, agus scrios iad.
7Cuir anuas do láṁ ón airde: ḃí dom ḟuascailt, agus tóg mé amaċ as na huiscí móra, as láiṁ na gcoiṁṫíoċ;
8Naċ laḃraíonn a mbéal aċ díoṁaointeas: agus ar láṁ ḋeas urċóide a láṁ ḋeassan.
9Canfaiḋ mé aṁrán úrnua duit, a Ḋia: agus seinnfiḋ mé do ṁolaḋ ar liúit na ndeiċ téad.
10Ṫug tú bua do na ríṫe: agus dʼḟuascail tú Dáiḃí do ṡeirḃíseaċ ó ḃaol an ċlaíṁ.
11Bí do mo ṡaoraḋ agus dom ḟuascailt as láiṁ na gcoiṁṫíoċ: naċ laḃraíonn a mbéal aċ díoṁaointeas, agus ar láṁ ḋeas urċóide a láṁ ḋeas‑san.
12Go ḃfása ár gclann ṁac aníos mar ġasa óga: agus go raiḃ ár gclann iníon mar ċúinní snasta an teampaill.
13Go raiḃ ár n‑ioṫlanna ag cur ṫarstu le gaċ cineál stóir: agus go raiḃ ár gcaoiriġ ag breiṫ na mílte agus na ndeiċ mílte inár bpáirceanna.
14Go raiḃ ár ndaiṁ go láidir ċun saoṫair, ionas naċ raiḃ meaṫ ann: ná imirce i mbraiġdeanas, ná ceasaċt faoinár sráideanna.
15Is aoiḃinn don ṁuintir arḃ aṁlaiḋ a gcás: is aoiḃinn gan aṁras an ṁuintir a mbíonn an Tiarna acu mar Ḋia.
Currently Selected:
Na Sailm 144: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965