Bible App logo
Search Icon

Na Sailm 143

143
Salm 143.
Domine, exaudi.
1Éist lem urnaí, a Ṫiarna, agus bíoḋ aird agat ar mʼaċainí: taḃair cluas dom as uċt dʼḟírinne agus as uċt dʼḟíréantaċta.
2Agus ná téiġ i mbreiṫiúnas le do ṡeirḃíseaċ: óir níl duine beo a ḟíréanófar os do ċoṁair.
3Óir ċuir an naṁaid géarleanúint ar mʼanam; ṫreascair sé mo ḃeaṫa ċun talaiṁ: dʼḟág sé mé i mo luí sa dorċadas, mar na daoine atá i ḃfad marḃ.
4Dá ḃrí sin tá mo sprid i mo lár faoi ḃuaireaṁ: agus bíonn uaigneas ar an gcroí atá i mo ċliaḃ.
5Ní lúide bím ag cuiṁneaṁ ar a ndeaċaiġ ṫarainn; bím ag maċnaṁ ar dʼoibreaċa uile: is deiṁin go mbím ag meaḃrú ar oibreaċa do láṁ.
6Sínim ċugat mo láṁa: bíonn mʼanam mar ṫalaṁ ṫartṁar ag tnúṫ leat.
7Éist liom, a Ṫiarna, go haiṫġearr, óir tá mo sprid á cloí: ná ceil do ġnúis orm, ar eagla go mbʼionann cás dom agus don dream a ṫéann síos sa ṗoll.
8Bím ag cluinstin tráċt ar do ċarṫanaċt ġráċ go moċ ar maidin, óir is asat a ḃíos mo ṁuinín: déan eolas dom ar an slí inar ċóir dom siúl, óir is ċugat a ḃím ag ardúmʼanma.
9Fuascail mé, a Ṫiarna, ó mo naiṁde: óir is ċugat a ṫeiṫim go ḃfolaí tú mé.
10Múin dom déanaṁ mar ṫaitníos leat, óir is tú mo Ḋia: bíoḋ do sprid ġráċ do mo ṡeolaḋ amaċ i dtír na fíréantaċta.
11Beoiġ mé, a Ṫiarna, as uċt dʼAinm: agus as uċt dʼḟíréantaċta taḃair mʼanam as a ḃuaireaṁ.
12Agus tugaḋ do ṁaiṫeas ort mo naiṁde a ṁarú: agus luċt buarṫa mʼanma a scrios; óir is mé do ṡeirḃíseaċ.

Currently Selected:

Na Sailm 143: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in