Bible App logo
Search Icon

Na Sailm 142

142
Salm 142.
Voce mea ad Dominum.
1Ġlaoiġ mé os ard ar an Tiarna: is ar an Tiarna a ċuir mé mʼaċainí.
2Ḋoirt mé mo ġearáin roiṁe: agus noċt mé dó fáṫ mo ḃuarṫa.
3Nuair a ḃí mo sprid faoi ṫuirse ḃí eolas mo ċosáin agat: sa tslí a ṡiúlainn ċuireadar dol roṁam os íseal.
4Dʼaṁarc mé ar mo láiṁ ḋeas: agus ní raiḃ aon duine ann a ligfeaḋ air go raiḃ aiṫne aige orm.
5Ní raiḃ bealaċ éalaiṫe agam: ná ní raiḃ duine ann ar ṁiste leis faoi mʼanam.
6Ġlaoiġ mé ort, a Ṫiarna, agus dúirt mé: Is tú mo ḋóċas, agus mo ċuid ar ṫalaṁ na mbeo.
7Taḃair aire do mo ġearán: óir is íseal a tugaḋ mé.
8Fuascail mé ó luċt mo ġéarleanúna: óir is treise leo ná liom.
9Taḃair mʼanam as an gcarcair, go dtuga mé buíoċas le dʼAinm: agus má ṫugann tú an t‑iarratas sin dom, beiḋ na fíréin ag iarraiḋ mo ċuideaċta.

Currently Selected:

Na Sailm 142: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in