Na Sailm 141
141
Salm 141.
Domine, clamavi.
1A Ṫiarna, is ort a ġlaoim, deifriġ ċugam: agus taḃair aire do mo ġlór nuair a ġlaoim ort.
2Bíoḋ mʼurnaí á toirḃirt faoi do ṡúil mar an túis: agus bíoḋ ardú mo láṁ ina íobairt nóna.
3Cuir faire, a Ṫiarna, ar mo ḃéal: coimeád coṁla mo ḃeola.
4Nár claona mo ċroí ċun oilc ar biṫ: ná naċ raiḃ láṁ agam in oibreaċa míċráifeaċta i gcuideaċta luċt cleaċtaiṫe na hurċóide, ná naċ raiḃ a dtaitníonn leo á iṫe agam.
5Aċ buaileaḋ an fíréan buille carad orm: agus tugaḋ sé aċasán dom.
6Nár ḋiúltaí mo ċeann a n‑íocṡláinte ṁór luaċṁar: aċ dála luċt an oilc, beiḋ mé ag síorġuí in aġaiḋ a n‑urċóide.
7Go raiḃ a mbreiṫiúna á gcaiṫeaṁ anuas sa ċreagán: ionas go gcluine siad mo ḃriaṫra, ós binn iad.
8Tá ár gcnáṁa ina luí scapṫa faoi ḃéal an ṗoill: mar aḋmad á scoilt agus á ṡnoí ar an talaṁ.
9Aċ is leat a ḃíos mo ṡúil, a Ṫiarna Dia: is asat a ḃíos mo ṁuinín, ná caiṫ mʼanam uait.
10Bí do mo ċosaint ar an dol atá curṫa acu roṁam: agus ar líonta luċt na míġníoṁarṫa.
11Titeaḋ an drong loċtaċ ina líonta féin go huile: aċ bí do mo ṫaḃairt slán astu uile.
Currently Selected:
Na Sailm 141: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965