Na Sailm 137
137
Salm 137.
Super flumina.
1Ar ḃruaċ aiḃneaċa Ḃaibilóin ṡuíomar síos agus ċaoineamar: nuair a ċuiṁníomar ort, a Ṡíóin.
2Dála ár gcláirseaċ, ċroċamar iad: ar na crainn atá ansin.
3Óir dʼiarr an drong a ṫug i mbroid sinn aṁráin agus seinm ceoil orainn, agus sinn go tromċroíoċ: Canaigí dúinn aṁrán de ċuid Ṡíóin.
4Conas a ċanfaimid aṁrán an Tiarna: ar ṫalaṁ ċoiṁṫíoċ?
5Má ḋéanaim dearmad ort, a Iarúsalem: déanaḋ mo ḋeasláṁ dearmad dá clisteaċt.
6Mura gcuiṁním ort, ceanglaḋ mo ṫeanga de mo ċarball: gan aṁras, murab é Iarúsalem is ansa liom in am mo lúċáire.
7Cuiṁniġ ar ċlann Édoim, a Ṫiarna, lá Iarúsalem: mar a dúradar, Leagaigí é, leagaigí é go lár agus go lántalaṁ.
8A iníon Ḃaibilóin, beiḋ tú do do ṡnoí le hainnise: agus is aoiḃinn don té a ḋéanfas leat mar rinne tú linn.
9Is beannaiṫe a ḟaiġeann greim ar do ċlann: agus a gcaiṫeaṁ in éadan na gcloċ.
Currently Selected:
Na Sailm 137: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965