Na Sailm 136
136
Salm 136.
Confitemini.
1Tugaigí buíoċas leis an Tiarna, óir is maiṫ é: agus maireann a ṫrócaire go síoraí.
2Tugaigí buíoċas le Dia na ndéiṫe: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
3Altaígí do Ṫiarna na dtiarnaí: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
4Naċ mbíonn aċ é ag déanaṁ na móriontas: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
5A rinne na neaṁa le feaḃas a eagna: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
6A leaṫnaiġ an talaṁ os cionn na n‑uiscí: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
7A rinne na soilse móra: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
8An ġrian le ḃeiṫ ina rí ar an lá: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
9An ġealaċ agus na réalta le ḃeiṫ i gceannas na hoíċe: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
10A ḃuail an Éigipt faoina gcéadġin: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
11Agus a ṫug clann Iosrael ó ḃeiṫ ina measc: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
12Le láiṁ ċuṁaċtaċ, agus le géag ṡínte: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
13A rinne ḋá leaṫ den Ṁuir Rua: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
14Agus a ṫug ar Iosrael siúl trína lár: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
15Aċ dála Ṗáraó agus a ṡluaite, ṫug sé anuas iad sa Ṁuir Rua: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
16A ṡeol a ṗobal tríd an ḃfásaċ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
17A ḃuail na ríṫe móra: óir maireann a ṫrócaire go síoraí;
18Agus a ṁaraiġ go deiṁin na ríṫe cuṁaċtaċa: óir maireann a ṫrócaire go síoraí;
19Síhon rí na nAmoríteaċ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí;
20Agus Og rí Ḃásáin: óir maireann a ṫrócaire go síoraí;
21Agus a ṫug a dtalaṁ mar oiḋreaċt: óir maireann a ṫrócaire go síoraí;
22Mar oiḋreaċt dʼIosrael, a ṡeirḃíseaċ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
23A ċuiṁniġ orainn inár mbuaireaṁ: óir maireann a ṫrócaire go síoraí;
24Agus a dʼḟuascail sinn ónár naiṁde: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
25A ṫugann bia do gaċ feoil: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
26Tugaigí buíoċas le Dia neiṁe: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
27Tugaigí buíoċas le Tiarna na dtiarnaí: óir maireann a ṫrócaire go síoraí.
Currently Selected:
Na Sailm 136: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965