YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 135

135
Salm 135.
Laudate nomen.
1Bígí ag molaḋ an Tiarna, agus ag idirṁóraḋ Ainm an Tiarna: seinnigí a ṁolaḋ, a ṡeirḃíseaċa an Tiarna.
2A ṡeasann i dteaċ an Tiarna: i gcúirteanna tí ár nDé.
3Molaigí an Tiarna, óir is maiṫ an Tiarna: seinnigí molaḋ dá Ainm, óir is gnaíúil é.
4Cad ċuige? De ḃrí gur ṫoġ an Tiarna Iácób dó féin: agus Iosrael mar ṡeilḃ ḋílis aige féin.
5Óir is feasaċ dom gur mór an Tiarna: agus go mbíonn ár nDia os cionn na ndéiṫe uile.
6Níl ní dar ṫaitin leis an Tiarna naċ ndearna sé ar neaṁ agus ar talaṁ: agus ar ṁuir agus i gcuasa doṁaine an doṁain.
7Tugann sé amaċ na néalta ó imill an doṁain: agus cuireann sé uaiḋ na caoranna tine in éineaċt leis an ḃfearṫainn, agus tugann sé na gaoṫa as a ṫiṫe taisciṫe.
8Ḃuail sé céadġin na hÉigipte: idir ḋuine agus ḃeiṫíoċ.
9Ċuir sé coṁarṫaí agus iontais isteaċ i do ċeartlár, a ṫír na hÉigipte: ar Ṗáraó agus ar a ṡeirḃísiġ go huile.
10Ḃuail sé an iomad náisiún: agus ṁaraiġ sé na ríṫe móra;
11Síhon rí na nAmoríteaċ, agus Og, rí Ḃásáin: agus ríoċta Ċanáin go huile;
12Agus ṫug sé a dtalaṁ mar oiḋreaċt; mar oiḋreaċt dá ṗobal Iosrael.
13Maireann dʼAinm, a Ṫiarna, de ṡíor: agus is mar an gcéanna do do ċuiṁne, a Ṫiarna, ó ġlúin go ċéile.
14Óir bainfiḋ an Tiarna amaċ díoltas ar son a ṗobail: agus beiḋ sé maiṫ dá ṡeirḃísiġ.
15Dála íoṁánna na bpágánaċ, níl iontu aċ airgead is ór: saoṫar láṁ na ndaoine.
16Bíonn béal orṫu, agus ní laḃraíonn siad: bíonn súile ina gcinn, aċ ní ḟeiceann siad.
17Bíonn cluasa orṫu, agus ina ḋiaiḋ sin ní ċluineann siad: ní mó a ḃíos aon anáil ina mbéal.
18Bíonn luċt a ndéanta mar iad: agus is ionann an cás dá gcuireann a muinín iontu.
19Molaigí an Tiarna, a ṫeaġlaiġ Iosrael: molaigí an Tiarna, a ṫeaġlaiġ Áróin.
20Molaigí an Tiarna, a ṫeaġlaiġ Léḃí: a ḋream darb eagal an Tiarna, molaigí an Tiarna.
21Moltar an Tiarna as Síón: a mbíonn cónaí air in Iarúsalem.

Currently Selected:

Na Sailm 135: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in