Na Sailm 129
129
Salm 129.
Saepe expugnaverunt.
1Is minic a ṫroideadar liom óm óige aníos: féadann Iosrael a rá anois.
2Is min minic a ċuireadar buaireaṁ orm óm óige aníos: aċ ní ḟuaireadar an láṁ uaċtair orm.
3Ḃí luċt treafa ag treaḃaḋ mo ḋroma: agus ag gearraḋ iomairí fada.
4Aċ ġearr an Tiarna fíréanta: dola nandroċḋaoine i mbloġanna.
5Go ḃfaiġe siad náire agus go gcuirtear ar gcúl iad: a ḃfuil an t‑olc ina gcroí do Ṡíón.
6Go raiḃ siad mar an ḃféar ar ṁullaí na dtiṫe: a ċríonas sula ḃfása sé aníos.
7Naċ líonann an buanaí a láṁ leis: ná fear ceangailte na bpunanna a ḃrollaċ.
8Go naċ n‑abra luċt buailte an ḃealaiġ oiread agus, Bail ó Ḋia ort: guímid an séan ort in Ainm an Tiarna.
Currently Selected:
Na Sailm 129: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965