YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 128

128
Salm 128.
Beati omnes.
1Is beannaiṫe a mbíonn eagla an Tiarna orṫu: agus a ṡiúlas ina ṡlite.
2Íosaiḋ tú toraḋ saoṫair do láṁ: is maiṫ mar atá tú, agus is agat a ḃeiḋ an saol aoiḃinn.
3Beiḋ do ċéile mná mar an ċraoḃ ṫorṫaċ fíniúna: atá ar ḃallaí do ṫí.
4Beiḋ do ċlann mar ġasa ċrainn ola: i dtimpeall do ḃoird.
5Sin daoiḃ an ḃeannaċt a ḃíos ar an duine: a mbíonn eagla an Tiarna air.
6Beiḋ an Tiarna do do ḃeannú amaċ as Síón: ar nós go ḃfeicfiḋ tú an séan ar Iarúsalem i riṫ do ṡaoil;
7Agus go ḃfeicfiḋ tú clann do ċlainne gan aṁras: agus an tsíoċáin ar Iosrael.

Currently Selected:

Na Sailm 128: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in