Na Sailm 130
130
Salm 130.
De profundis.
1As íoċtar an aigéin ġlaoiġ mé ort, a Ṫiarna. A Ṫiarna, éist le mo ġlór.
2Éisteaḋ do ċluasa go maiṫ: le glór mo ċasaoide.
3Más róḋian tú, a Ṫiarna, ag breaṫnú a ndearnaḋ go míċeart: a Ṫiarna, cé a ṡeasóḋ é?
4Óir is agat atá an trócaire: is dá ḃrí sin bíonn dʼeagla ar ḋaoine.
5Bíonn mo ṡúil leis an Tiarna; bíonn mʼanam ag feiṫeaṁ air: is as a ḃriaṫar a ḃíos mo ṁuinín.
6Is mó a ḃíos mʼanam ag súil leis an Tiarna: ná bíonn na coimeádaiṫe ag súil leis an maidin; is ea, is mó é ná súil coimeádaí le maidin.
7A Iosrael, cuir do ṁuinín sa Tiarna, óir is ag an Tiarna a ḃíos an trócaire: agus is aige a ḃíos an ḟuascailt ḟairsing.
8Agus is é a ḟuasclaíos Iosrael: óna ṗeacaí go léir.
Currently Selected:
Na Sailm 130: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965