YouVersion Logo
Search Icon

Na Sailm 127

127
Salm 127.
Nisi Dominus.
1Mura dtógann an Tiarna an teaċ: téann obair na saor amú.
2Mura gcuṁdaíonn an Tiarna an ċaṫair: is in aisce a ḟanas an coimeádaí ina ḋúiseaċt.
3Níl siḃ aċ ag cur ḃur n‑oibre amú dá luas a éiríos siḃ agus dá ṁoille a ṫéas siḃ i luí, ag iṫe aráin na himní: ós aṁlaiḋ a ṫugann sé an codlaḋ don dream is ansa leis.
4Na leanaí agus toraḋ na broinne: oiḋreaċt agus tíolacaḋ iad a ṫagann ón Tiarna.
5Mar ṡaiġeada i láiṁ ḟaṫaiġ: is mar sin a ḃíos na leanaí óga.
6Is aoiḃinn a ḃfuil a ṁála lán díoḃ: ní ḃfaiġiḋ siad náire nuair a ṫéas siad ċun cainte lena naiṁde sa ġeata.

Currently Selected:

Na Sailm 127: OC1965G

Highlight

Copy

Compare

Share

None

Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in