Na Sailm 126
126
Salm 126.
In convertendo.
1Nuair a dʼḟuascail an Tiarna Síón as broid: ba ċosúil sinne le daoine a ḃíos ag brionglóideaḋ.
2Ba ansin a líonaḋ ár mbéal de ġáire: agus a líonaḋ ár dteanga dʼáṫas.
3Ba ansin a ḃí sé á rá i measc na bpágánaċ: Rinne an Tiarna niṫe móra ar a son.
4Is deiṁin go ḃfuil niṫe móra déanta ag an Tiarna dúinn ċeana: rud a ċuireas lúċáir orainn.
5Fill dár ḃfuascailt as broid, a Ṫiarna: mar na haiḃneaċa sa taoḃ ó ḋeas.
6An dream a ċuireas an síol faoi ḋeora: is áṫasaċ a ḃainfeas siad an fóṁar.
7An té atá ag siúl roiṁe agus é ag caoineaḋ, ag iompar dea‑ṡíl: fillfiḋ sé gan aṁras faoi áṫas faoina ualaċ punanna.
Currently Selected:
Na Sailm 126: OC1965G
Highlight
Copy
Compare
Share
Want to have your highlights saved across all your devices? Sign up or sign in
© Cumann Gaelach na hEaglaise (Irish Guild of the Church) 1965